Page:Deoraidheacht (1920).pdf/28

This page has been validated.
28
Deoraidheacht

Bhí fear ag dul tharm—fear a raibh culaith ghalánta air—agus d’iarras cipín air. Bhí sé ’ghá thabhairt dom nuair a leigeas sgread (cheapas an sgread a bhí ó’n bhfear beag buidhe a chleach­tadh), agus dubhras—“Nach bhfeic­eann tú gur uathbhás mé! uathbhás! feic saoghalta!” Acht bhí sé imthigh­the ar nós na gaoithe. Leig mé mo shean-sgairt gáiridhe, agus níor stadas de’n sgairt úd go raibh deóra le mo shúilibh. Ba mhór an greann an duine gálánta sin a fheiceál ag imtheacht ’n‑a chosa­náirde. Is dócha gur shíl sé gur duine buile a bhí aige ann i ndáir­íribh. Duine buile! Nach é a bhí ag dul amudha? Nár dhubhras leis nach raibh ionnam acht uathbhás agus feic saoghalta! …

Tá bóthar mór leathan cois na haibhne ’san áit a rabhas anois. Tá tighthe breágha móra ar an taobh ó thuaidh dhe. An abhainn ar an taobh ó dheas. Suidh­eacháin annseo agus annsiúd le taobh na haibhne. Croinnte breágha glasa ar an dá thaobh. Is minic a bhíos daoine seach­ránacha ag caitheamh na hoidhche ar na suidh­eacháin úd. Bhí triúr ar an gcéad suidh­eachán an oidhche cheómar seo. Bhíodar ’n‑a gcodladh nuair a tháinic mé féin orra. Leigeas sgread—sgread an fhir bhuidhe—agus d’éirigh­eadar de gheit. Ó dá bhfeic­theá an sgannradh bhí ’n‑a súilibh! Thosuigh mé ag chur díom: Nach bhfeic­eann sibh gur uathbhás mé—uathbhás agus feic saoghalta? Bhíodar glanta leó marach gur dhubhras: “Cupán caifé agus ruainne aráin—is mór atá sé ag teastáil uaim anois. An mbéidh cupán agaibh-se, a cháirde?”

“Ar son Dé agus ná bí ag magadh fúinn,” arsa duine aca.

“Ní ag magadh atáim. Acht má’s rud é nach dteas­tuigheann sé uaibh, ná tagaidh i n‑éindigh liom.”

Leanadar mé. ’Thuige nach gcaith­finn an t‑airgead? Nach mbéadh an iomarca dhe agam feasta? Trí phunnt ’san tseacht­mhain! Ní bheádh acht a leath agam marach gur chailleas