bealach a chleachtuigheas nuair a bhínn ag dul ar sgoil fad ó. Tosuigheann na sean-chuimhní ag brúghadh isteach orm, agus mé ag déanamh spóirt do mhuintir mo bhaile dhúthchais. Tagann cumha agus uaigneas orm mé bheith ’mo bhaile dhúthchais agus gan duine ná deóraidhe dhom’ aithneachtáil. Aithnighim-se cuid mhaith de na daoine atá mo thimcheall. Nach ar Mháirtín Mhac Gabhann annsúd thall a bhéadh an t‑iongantas dá nglaodhainn air! Cheapfadh an duine bocht simplidhe sin go raibh draoidheacht agam dá bhfiafruighinn de cé ghoid gandal Nóra Ní Mháille.
“A Mháirtín! A Mháirtín,” arsa mise i n‑árd mo ghotha, “cé ghoid an gandal?”
Phléasg a raibh ann ag gáiridhe agus ag magadh faoi Mháirtín bhocht. Bhí ríméad an domhain ar an bhfear beag buidhe. Nach iad a bhéadh ag teacht isteach chuige tráthnóna? Nach é dhéanfadh an t‑airgead? Tháinic meangadh gáiridhe ar a bhéal agus thosuigh sé ag nighe a lámh i n‑aer, bhí sé chomh sásta sin….
Acht marbhóchaidh mé an bioránach buidhe bradach úd lá eicínt. Nach é chuireanns gráin orm? Cé’n tubaisde a bhí orm go dtugas mo chorp dhó ar trí phunnt ’san tseachtmhain? Cé’n mí-ádh bhí orm go ndeárnas uathbhás agus iongantas dhíom féin? Mar gheall ar an airgead, an eadh? Ná habair é. Cé bhí i n‑an’ airgead a chaitheadh liom-sa nuair a bhí sé agam? (’Tuige a mbíonn leisg ar dhuine a rádh leis féin go mb’ fhóbair dhó bás d’fhagháil leis an ocras uair, agus go n‑abruigheann sé le duine eile é?) …An fear beag buidhe a mheall mé le n‑a chuid airgid. Nárbh’ é an diabhal é? Óra, a fhir bhig bhuidhe, nach mise d’fhéadfadh thú a thachtadh, pé aca diabhal nó aingeal tú? Nach orm a bhéadh an t‑aiteas nuair d’fheicfinn an dath liath-ghorm ag teacht ar t’éadan shalach bhuidhe? Nach orm a bhéadh an tógbháil chroidhe agus mé ag sgrúdughadh na mball ndubh d’fhágfadh lorg mo mhéar ar do chaol-sgroig? Nach