chaitheamh ’san mór-shiubhal. Tharraingeas chugam leabhar beag amhrán agus chromas ar a léigheadh. Acht ní mórán de na hamhráin a léigheas; bhí an oiread sin gleó ag muintir an fhir bhig bhuidhe nár fhéadas na súile a choinneál ar an leabhar. Cuid aca ag tabhairt aire do na beithidhighibh allta; cuid eile ag cur cuaillí i dtalamh agus ag tógbháil na mbothán agus na n‑árus canbháis; cuid eile ag cur deis ar na báid luasgáin; beirt nó triúr i leathtaobh ag gléasadh bídh; bean óg i n‑áirde ar mhuin capaill bháin agus í gléasta ar nós bainríoghna na sídhe ’sna sgéalta; fear óg árd caol agus fuip ’n‑a ghlaic ag ritheacht i ndiaidh an chapaill; a ghruadh daithte go breágh aige, agus caipín árd cúinneach ar a cheann; marach an caipín agus an dath ní cheapfá go raibh aon bhaint aige leis an dtaisbeántas ar chor ar bith, óir nach raibh culaith a chéirde air fós; an fear beag buidhe féin ar a shocamhlacht i n‑áirde ar charbad órdha sgáthánach mar bhéadh rí ar a chathaoir ríoghdha, agus é ag riaradh na hoibre go leír. Iad uile ag easgaine agus ag clamhsán agus ag tabhair na mionn, acht mise amháin agus mé ag iarraidh mo leabhairín amhrán a léigheadh. ’Seadh, mé féin—agus an Bhean Reamhar.
Chonnaiceas chugam í; siúd treasna na páirce í agus mias mhór ar iomchur aici. Ba gheall le luing mhóir í a bhéadh ar luasgán ar bharr na dtonn leis an siubhal a bhí fúithi. Shílfeá go ndóirtfeadh sí a raibh ar an méis gach nóiméad acht ní dhóirteadh ’n‑a dhiaidh sin.
Sheas sí i mbéal an dorais, agus dá mbéadh fonn léightheóireachta orm féin ní fhéadfainn focal a léigheadh, mar bhain sise solus na gréine dhíom le n‑a méad uathbhásach.
Feic eile a bhí ag an bhfear beag buidhe a bhí innti siúd. Ní raibh sí an-reamhar amach is amach i dtosach; d’fheicfeá mná a bhí níos raimhe ná í nach raibh i n‑aon taisbeántas, dubhradh liom. Acht bhí sí an-íseal, agus ba mhillteach mór