an ceann a bhí uirri. Agus nach í a bhí leathan-slinneánach mór-lámhach trom-cheathramhnach! Agus is ag tuitim i bhfeóil a bhí sí gach uile lá, mar ní bhíodh faic le déanamh aici acht a dóthain mhór a ithe agus a ól. Duine a d’fheicfeadh an biadh borb blasta agus na deocha láidre folláine gheibheadh sí ó’n bhfear beag buidhe mholfadh sé a fhéile agus a fhlaitheamhalacht.
Agus nach aici a bhí an dúil chráidhte ’sna biadhaibh borba agus ’sna deochaibh milse? Nach í bhí i n‑an’ codladh go trom ar feadh dhá uair déag de’n chlog? Bhí sí leisgeamhail spadánta ó nádúir. Bhí sí trom mall righin réidh. Ní raibh aon ní ab’ fheárr léithi ná a dóthain mhór bheith ithte agus ólta aici agus í féin a chaitheamh ’san bhféar fada lá samhraidh dhá goradh féin le gréin. D’fhanadh sí mar sin ar feadh an lae mhóir fhada ó dhubh go dubh gan cor ná car a chur dhi acht ’chomhfhad ’s a bhéadh sí ag alpadh an bhídh.
Ní iongnadh ar bith é go raibh sí ag dul i bhfeóil de réir an lae. Ní iongnadh ar bith é go raibh an fear beag buidhe sásta agus lán-tsásta ’n‑a aigne. Ní iongnadh ar bith é go mbíodh sé ag nighe a lámh ’san aer ar dearcadh uirri dhó. Dheamhan pighin a bhí uaithi acht an oiread. Bhí sí sásta le greim a béil. Agus nuair d’fheicfeá gléasta í (gléasadh ar bhealach í is go gceapfá go raibh sí i bhfad níos raimhe ná bhí), déarfá go mba cóir do’n fhear bheag bhuidhe a bheith sásta le saothar a lámh.
Tháinic sí isteach i lár an bhotha.
“Féach a bhfuil agam dhuit,” ar sise ag tasbáint na méise móire dhom, “ruainne de shicín, agus ruainne de bhagún mhéith, cabáiste bán, fataí plúracha, súghlach….”
Nuair adubhairt sí an focal súghlach, do stad sí. Do dhún sí a dhá súil beagnach, do bhuail sí a dhá béal i n‑aghaidh a chéile mar bhéadh dúil mhór aici bheith ’ghá slugadh. Má bhí cosamhlacht an aitis ar aghaidh duine ariamh, bhí an chosamhlacht úd uirri-se.