Page:Deoraidheacht (1920).pdf/40

This page has been validated.
40
DEORAIDHEACHT

“Ruainne de bhagún mhéith,” arsa mise. Bhí punnt ar a laighead ann.

“Beir air,” ar sise, “badh chóir ocras a bheith ort.”

Leag sí an mhias ar an talamh le mo thaobh. Shuidh sise ar an taobh eile dhi.

“Íosaidh mé féin greim de’n tsicín,” ar sise, agus thosuigh uirri ag ithe go halpach.

Shílfeá go raibh cineál náire uirri faoi’n méid a bhí sí féin ’ithe agus a laighead is bhí ithte agam-sa.

“’Tuige nach bhfuil tú ’ghá ithe?” ar sise, agus greim mór méith ’n‑a béal féin agus an súghlach ag tuitim anuas ar a brollach.

“Gan aon ocras a bheith orm,” arsa mise.

“Sín uait siar do lámh. Tao’ thiar dhíot. Sin é é.”

Rinneas amhlaidh. Bhí canna mór leanna taobh thiar dhíom. D’ólas blogam as, agus shíneas chuici é.

“Nach agad atá an dúil ’san léigh­theóireacht,” ars’ an bhean remahar, ag breith ar an leabh­airín beag amhrán d’fhágas tharm ar theacht isteach dhi.

An t‑amhrán a bhíos féin a léigheadh sul a dtáinic sí, sin é an ceann ar thosuigh sise air.

Rise up, Willie Reilly,” ar sise, acht b’éigin di an greim a bhí ’n‑a béal a shlogadh i dtosach.

Rise up, Willie Reilly,” ar sise, “and come along with me,
I’m goin’ to leave my father’s house, and quit this countiree,
To leave my father’s houses, his dwellings, and free lands,
And go along with Reilly, as you may understand.

“Ó! nach áluinn é,” ar sise, nuair a bhí an méid sin léighte aici, acht nach raibh a fhios agam féin go cinnte an