Page:Deoraidheacht (1920).pdf/42

This page has been validated.
42
Deoraidheacht

smacht a chur orra. Cinneann sé ar a lucht conganta a gceann­sughadh. Ní’l ceann­sughadh ’n‑a gcionn. Cuid aca ag iarraidh amharc fhagháil orm féin thríd an siúnt­achaibh atá idir clár­achaibh an bhotha. Dream eile ag léigheadh fógra atá ós cionn an dorais. Léigheann siad na focail go mall righin mar dhaoine nach raibh mórán cleachta aca ar an léigh­theóir­eacht. Cluinim gach focal:

Seóirse Coff.
DHÁ

PH​I​GH​I​N.
An fear buile, atá gan cos gan lámh. Féachaidh ar an bhfolt gruaige atá air nár gearradh le dhá bhliadh­ain déag, agus an fhéach­aint nimhneach atá ’na súilibh. Mharbh­uigh sé ochtar fear ’san nGearmáin. Tasbáin­fear an sgian mhór fhada le n‑a ndeárna sé an gníomh uath­bhásach, agus rian na fola le feiceál uirri fós féin.

“Dhá phighin! ó dhá mbéadh leith­phighin eile agam rachainn isteach,” arsa stócach díobh.

“Bhéaraidh mise pighin duit ar an sean-sgin dhuibh, a Mhar­cuisín.”

“Bhí tú sásta pighin go leith thabhairt uirri indé,” arsa Marcuisín.

“Bhí​…​acht​…​acht is mian liom an fear buile fheiceál⸺”

“Tabhair an phighin go leith dhom,” arsa Marcuisín arís, agus an sgian dhubh ’n‑a ghlaic aige agus é ag griogadh an stócaigh eile léithi. Bhí seisean idir dhá chomh­airle. Bhí dúil mhór ’san sgin aige, acht dá sgaradh sé le n‑a chuid airgid ní fhéadfadh sé mise fheiceál.

“Tabhair an phighin go leith dhom,” arsa Marcuisín, “⸺agus​…​agus innseó’ mé dhuit ’ch uile shórt faoi nuair a thagas mé amach.”

Fuair sé an t‑airgead.