Page:Deoraidheacht (1920).pdf/48

This page has been validated.
48
Deoraidheacht

Tá na daoine imthigh­the. Tá an tais­beántas ar fad ’n‑a shuan. Tá an fear beag buidhe féin ’n‑a chodladh—codladh gan dúiseacht ort, a bhior­ánaigh! Ní’l le clos agam-sa, ’mo bhothán, acht beith­idheach allta éigin de bheith­idhighibh an fhir bhig bhuidhe, agus é ag gabháil anonn ’s anall ’n‑a phríosún. Anonn ’s anall, anonn ’s anall gan faoiseamh, mar bhéadh cuimhne aige ar ar fhág sé ’n‑a dhiaidh ’n‑a thalamh dhúth­chais—ar na beann­achtaibh nár seóladh ’n‑a threó​…​acht b’fhéidir nach bhfuil air acht galar goile thar éis ar ith sé de bhiadh.

D’imthigh leath-uair. D’imthigh uair. Dhá uair. Trí huaire. Ní raibh aon chodladh ag teacht orm, acht mé dhom’ chaith­eamh féin ó thaobh go taobh. Sgathamh ag iarraidh a dhéanamh amach an é an díleágadh nó na sean-chuimhní is measa bhí ag gabháil de’n bheith­idheach allta úd nach bhféad­fadh a shuaimh­neas a ghlacadh ’n‑a charcair. Sgathamh eile, ag ceapadh cé’n raic a béadh ann dá sgaoilinn saor é.

Acht ’sa deireadh b’éigin dom éirghe agus bualadh amach faoi’n aer.


XI.

An raibh a leithéid d’oidhche ann cheana ariamh? Nach í atá meirbh broth­alach? Ní fhanfadh duine ar bith ’n‑a leabaidh agus an oidhche chomh breágh is tá. (Na diabhail! Mara nighidh siad na pluid úd, beidh droch-obair ann. Mo choinsias, beidh!) Déanfaidh braithlín agus súsa mé….

Casaim an braithlín ’mo thim­cheall agus luighim ar an talamh tirim cois sgeiche ar imeall na páirce. Ní’l aon áird agam ar ghlór­thaibh éagsamhla na mbeith­idheach allta tá faoi ghlas lem’ ais. Féachaim anonn treasna an chuain ar shean-chnocaibh clochach’ na Bóirne. Táid gorm. Tá an spéar gorm. Acht féach an difridh­eacht atá idir an dá ghorm úd. Shílfeá go raibh na cnuic ag bail­iughadh chuca a raibh