de dhubh i ngorm na spéire. Go raibh sé ag sileabh anuas orra díreach is dá mbéadh sé níos truime ná an t‑aer. Agus ní’l an fhairrge ar aon dath le ceachtar díobh cé go dtiubharthá gorm ar dhath na fairrge, freisin. Tá an difridheacht chéadna idir ghorm na fairrge agus ghorm na gcnoc is bhíos idir an duine nuair atá sé ciúin socair agus nuair a bhíos cuthach air. Ní’l an fhairrge feargach fíochmhar anocht—tá sí an-chiúin—acht go bhfuil dath feargach uirri. Dúnaim mo dhá shúil agus déanaim iarracht ar na trí ghorm úd .i. gorm na fairrge, gorm na gcnoc agus gorm na spéire a mheasgadh ’n‑a chéile, agus aon dath gorm amháin a dhéanamh asta. Agus feicthear dhom nach bhfaca súil duine ariamh aon dath a bhí chomh háluinn leis an dath sin….
Dubhras liom féin ar ball go raibh dath feargach ar an bhfairrge. Cheapas i gcomhnuidhe go raibh gaol gairid idir an dathaidheacht agus na corruighthe thagas ar chroidhe dhuine. Sin mar déarfá, go bhfuil an ghráin ar dhath, an gean ar dhath eile agus an t‑uathbhás as dhath eile fós. Is iomdha rúndiamhair agus snaidhm do-sgaoilte fuasglóchar fós má ghníthear stuidéar doimhin ar thréithribh na ndathanna.
Ag breathnughadh dhom ar an spéir agus ar an bhfairrge agus ar shean-chnocaibh clochach’ na Bóirne tháinic sé isteach im’ aigne go raibh gaol gairid ag na dathannaibh, ní hé amháin leis na corruighthe thigeas ar chroidhe dhuine, acht leis na fuaimeannaibh cloistear. Go bhfuil baint ag an gceól leis an dathaidheacht. Go bhfuil dath faoi leith ag gach fuaim dá bhféadtaí a fheiceál.
Acht céard tá orm go bhfuil na smaointe seo ag teacht chugam i lár na hoidhche agus beithidhigh an fhir bhig bhuidhe ag búirthíl ar nós na ndiabhal lem’ ais? Ní’l neart agam air. Ní fheadfainn maireachtáil ar chor ar bith dhá mbéinn ag síor-mhachtnamh ar mo chruadh-chás féin.
Nach aisteach an rud é nár chuimhnigheas go dtí anois