Page:Deoraidheacht (1920).pdf/55

This page has been validated.
55
Deoraidheacht

sé ar nós an bhric. Agus ó’n lá sin anuas choin­nigheas-sa cliú mo mhuintir’ i n‑áirde. Na daoine a bhí faoi mo chúram, na mná go mór-mhór, ní ’mo mhaigh­istir orra a bhíos, acht mar bheinn in loco parentis​…​agus má tá m’athair atá ’san bhflaith­eas ag féachaint anuas ar a mhicín mhúir­neach anocht, d’fhéadfadh sé a chruth­ugadh…”

Leis an gcaoi a ndubhairt sé an chaint, le chomh corr­uighthe ’s bhí sé, le chomh dúth­rachtach ’s bhí sé, b’fhacthas dom go raibh sé i ndáir­íribh—gur cheap sé go raibh fúm an bhean reamhar a mhealladh. Acht ní raibh agam acht cuid de’n sgéal. D’imthigh na bliadh­anta sul ar thuigeas i gceart é. Cheapas i dtosach mo chuid-se de’n sgéal a nochtadh dhó, acht bhí diabh­laidh­eacht éigin orm. Bhí mé ag smaoin­eadh ar bheart, agus dá n‑éir­igheadh liom bhéadh greann ann.

“Caithfidh mé sgaradh leat, a fhir óig,” ar seisean, “bíodh is nach bhfuil de locht agam ort é sin amháin.”

“Má’s éigin dom imtheacht,” arsa mise, agus is beag nár bhris gáiridhe orm, “nach bhféad­faidh mé í bhreith liom?”

“Í bhreith leat, an eadh?” ar seisean, agus shíleas go raibh sé ar tí mé bhualadh, “Í bhreith leat! Í bhreith leat! Mh’ anam ó’n diabhal agus gan droch-ní ar m’anam, mara bhfuil sé ar buile i ndáir­íribh!”

“Ní ar buile atáim,” arsa mise, go deas réidh, “acht i gcleamh­nas.”

“I gcleamhnas!”

Is beag nach ndeacha sé i laige. B’éigin dom focal éigin a rádh nó bhéinn ’sna trithíbh gáiridhe.

“I gcleamhnas!” ar seisean an ath-uair.

“I gcleamhnas,” arsa mise, “nach gcreid­eann tú mé?”

Dhearc sé orm. Dhearc­amar ar a chéile.

“Fiafruigh dhi féin é, mara gcreid­eann tú mé,” arsa mise.

Chuaidh duine dá mhuintir thar dhoras an bhotha.