Page:Deoraidheacht (1920).pdf/62

This page has been validated.
62
Deoraidheacht

a chumadh uair ar bith a thog­ruigheann sé: bíonn féith na filidh­eachta aníos treise ’san bhfear bheag bhuidhe an lá seo ná mar bhí ariamh cheana. Bhí tógbháil chroidhe air; an tógbháil chéadna croidhe a bhíos ar fhile ag rádh a chuid filidh­eachta féin dhó.

“Cúig phunnt,” arsa mé féin ós íseal acht gur chuala seisean é, agus dubhras ar bhealach é is go gceapfadh sé gur ar an airgead a bhíos ag smaoin­eadh feadh an achair, agus go rabhas lán-tsásta leis an bpáidhe.

“Cúig phunnt,” ar seisean, agus ní shílfeá gur labhair sé go fileata faoi’n ngrádh ariamh, “cúig phunnt, is mór an t‑airgead é: beidh do shaidh­bhreas déanta.”

“Ní bheidh tú féin gan roinnt a dhéanamh,” arsa mise ag caochadh súile air, “beidh an domhan mór ag teacht le n‑ár bhfeiceál.”

“B’fhéidir dhom an beagán a dhéanamh,” ar seisean go neamh-urchóid­each, “acht tá sé ’san tairngir­eacht go bhfuighe mé bás gan greim ’mo bhéal​…​acht tá siad ag bail­iughadh chugainn cheana féin.”

Feistigheadh agus deisigheadh mé féin. Hosgluigh­eadh doras an bhotha. Chuir an fear beag buidhe gothadh oibre air féin. Sheas sé ’san doras.

“An Fear Buile! An Fear Buile le feiceál annseo! An Fear Buile a mharbh­uigh ochtar fear leis an sgin fhada ghéir! Rian na fola uirri fós féin!” agus mar sin de le na daoine mhealladh isteach.

Acht fuair sé faill le n‑a rádh liom, sul ar tháinic duine ar bith chugainn, nach raibh aon mhaith i gcaint le tais­beántas a mholadh gan an chaint a bheith go fileata; gur daoine fileata a bhí i muintir na hÉireann, nach ndeár­naidh aon treór­aidhe pobail maith dá thír ná dá mhuintir gan féith na filidh­eachta a bheith ann, gur casadh file leis ar maidin i dteach ósta, agus gur shocruigh sé leis dán fada a cheann­acht uaidh ar deich fichead—dán fada ag moladh an chleamh­nais;