theacht ’un na bainse. Ní dhéanfar an pósadh go ceann míosa acht beidh bainis bhreágh ann; beidh bainis mhíosa ann; beidh mí na meala roimh ré aca. ’San oidhche i mbárach tosnóchar ar an ngleó, agus mara mbeidh greann agus sgléip ann, ní mise Alf Trott…’seadh, a chara, ní bhainfear a thuilleadh amach—an t‑airgead céadna, dá phighin an duine.”
Bhí fear grinn ’sa láthair. Sgaoil sé rann uaidh i mBéarla:
- “Bring your own tea and sugar;
- Bring your own bread and butter;
- But you’ll come to the wedding—
- Won’t you come?”
Phléasg a raibh ann. Thosuigheadar ag magadh faoi’n bhFear Beag Buidhe agus a chuid ‘airgid chéadna.’ Bhí a dhruim liom. Ní orm-sa ná ar an bhfeic a bhí ’n‑a suidhe le mo thaobh a bhí áird ag na daoinibh acht ar an bhFear Buidhe. Sgaoileas mo leath-chos. Chuireas fúm í. Chaitheas dhíom an folt bréagach agus na slabhraí gleóite práis. Rugas ar an gcuaille a bhí le mo thaobh, agus rinneas maide croise dhe. D’éirigheas de phreib.
Iongantas a tháinic orra, ar fheiceál dóibh go rabhas féin ’mo sheasamh.
“Cead cainte,” arsa mise i n‑árd mo ghotha, “cead cainte, a cháirde.”
Bhí faitchíos ar chuid de na mnáibh rómham. Mar sin féin, fuaireas cead cainte. Dá bhfeictheá an Fear Buidhe! Bhí sé greamuighthe de’n talamh. Ní raibh ann cor a chur dhe.
“A cháirde chléibh,” adeirim-se, “chuala sibh céard dubhradh libh faoi mo chleamhnas-sa. Ní raibh ann acht bréag. Ní’l an bioránach úd thall i n‑an’ aon cheó eile innseacht. Nuair a chuir sé mé féin ós bhur gcomhair céard a bhí ann acht bréag? Agus nach maith a’ lear airgid a mheall sé