Page:Deoraidheacht (1920).pdf/74

This page has been validated.
74
Deoriadheacht

cuairt a thabhairt ar an bhfear dlighe. Ní bíodh acht an sgéal céadna aige i gcomh­nuidhe dhom, an sean-droch­sgéal nach raibh tásg ná tuairisg le fagháil ar an mbith­eamhnach buidhe ná ar a thais­beántas. Ní raibh fhios aige cé’n áird de cheithre áirdibh na cruinne a raibh sé acht go raibh sé cinnte dearbhtha go bhfuair sé an chéad litir seóladh chuige. Ní raibh aon mhaith dhom cuairt eile thabhairt air fós. Bhí sé ag éirghe tuirseach dhíom. Bhí bean an tighe ag éirghe tuirseach dhíom. Ní raibh a fhios agam cé’n lá cuirfí as an teach mé. Ní bhéadh aon mheas ag ceachtar díobh orm go mbéadh mo phóca lán arís. Ní hionann cláir­íneach saidhbhir agus cláir­íneach daidhbhir ar chor ar bith.

Buaileadh doras an tseómra. Bean an tighe bhí ann go cinnte, agus í ag iarraidh a cuid airgid. Leigeas orm go rabhas ’mo chodladh ag ceapadh go n‑im­theochadh sí. Ní raibh baoghal uirri imtheacht. Bhuail sí an doras an ath-uair.

Bhíodh an chos adhmuid ar chathaoir lem’ ais agus mé ’san leabaidh, acht thagadh olc orm dá bhfeic­eadh duine ann í. Sháitheas isteach faoi’n leabaidh í.

“Tar isteach,” adeirim-se leis an duine bhí ag an doras.

Chuir bean an tighe a ceann isteach.

“Tá fear ag an doras agus deir sé go bhfuil gnótha aige dhíot: ní imtheóch­aidh sé go bhfeicidh sé thú, deir sé.”

“Cé’n sórt duine é?” arsa mise ag ceapadh gurab é an bith­eamhnach beag buidhe féin a bhéadh ann: dá mb’é⸺

“Fear mór-chnámhach droch-labhartha,” ar sise.

“Sgaoil isteach é,” adeirim-se.

Cé bhéadh ann ár ndóigh acht é féin, an fear mór thug an chathaoir dhom an oidhche úd fad ó. Shuidh sé le cois na leapthan.

“Tá dhá litir agam dhuit,” ar seisean, “an fear dlighe thug dhom iad. Bhí fhios agam-sa go gcuirfí sgannradh ar an gcneámh­air buidhe úd; bhí fhios agam-sa go gcuirfí iallach air sgaradh leis an airgead. Ní raibh an dul amudha