Page:Deoraidheacht (1920).pdf/75

This page has been validated.
75
DEORAIDHEACHT

orm-sa nuair a thugas chuig an dligheadóir úd thú. Tá seisean i n‑an’⸺”

“Tabhair dhom na litreacha,” arsa mise ag cur isteach air.

Bhain sé dhá litir as a phóca. Leag sé ar an leabaidh iad.

Bhí an t‑airgead agam ’sa deireadh. D’fhéadfainn mo bhealach a íoc. Ní bhéadh orm a dhul ar lorg na déirce. Ní bhéadh orm aon droch-chleas a dhéanamh. Chaitheas achar maith ag dearcadh ar na litreach­aibh agus ag cur seo agus siúd trím’ aigne. Páidhe ráithe! Suas le dhá sgór punnt! Bhíos saidhbhir. Ní bhéarfadh lá bocht go deó arís orm.

“Osgail iad,” ars’ an fear mór.

Rugas ar cheann díobh, agus d’osgluigheas í. Níor thuit aon airgead aisti.

“Ní hé an fear buidhe chuir an ceann seo chugam,” arsa mise.

“D’eile?”

Dhearcas arís ar an litir. Ainm na mná móire raimhe a bhí léithi! Is beag nár imthigh an t‑anam asam.

“Tá ceann eile agat,” ars’ an fear mór. Shín sé an litir eile chugam. D’os­gluigheas í. Ní raibh aon airgead innti. Níor fhéadas a léigheadh. Ní fhacas ós comhair mo shúl acht rudaí beaga miona dubha.

Bhí an chéad litir d’osgluigheas ag an bhfear mór agus é ’ghá léigheadh ós árd. Gach uile sgairt gháiridhe chuireadh sé dhe, chluinfeá treasna na sráide é.

“Mh’anam nár cheapas ariamh go mba duine de’n tsórt sin thú. Diabhal ceapadh. Nach aici atá an tóir ort? Nach í tá gean­amhail grádhmhar? Agus mé a’ ceapadh feadh an achair nach raibh suim ar bith agat ’sna mná! Acht eist leis seo! Eist leis!” agus thosuigh mo dhuine ag léigheadh:

“A dhearbhráthairín ionmhuin, a mhic mo chroidhe istigh, seachain thú féin. Tá sé ar do thí. Tá an fear beag ar do