dhom’ lúbad féin le dul chuig an ngeata. Acht, ár ndóigh, ní raibh neart air. Bhí orm a dhéanamh nó ní bhéadh an t‑airgead rómham.
D’imthigh mo bhairéad leis an ngaoith. Ní dheachas ’n‑a dhiaidh. Páisde éigin a bhí ag dul ó’n sgoil a chuir ar mo cheann arís é. Bhí go leór leór ag féachaint orm, agus ag déanamh iongantais dhíom.
Nuair a bhíos i bhfoisgeacht deich slat do’n gheata, cheapas gur chuireas an maide trí huaire agus dá fhichid ar an talamh. Ní raibh agam acht ceithre iarraidh eile. Ní fhéadfainn a dhéanamh. Ba bheag nár bhris an gol orm, acht do chuimhnigheas ar bheart. Chaitheas an maide uaim. Siúd ar aghaidh mé ar mo láimh agus ar mo leath-ghlúin. Bhaineas an geata amach gan an maide fhágáil ar an talamh acht trí huaire is dá fhichid. Bhí an t‑airgead le fagháil agam. Agus nach mé chaithfeadh é? Céard a bhéad le n’ithe agam? Sicíní? Dheamhan a mbéadh go dona díobh. ’Seadh, bhéadh sicín agam go cinnte. Sicín agus ruainne de bhagún agus cabáisde—dá mb’fhéidir a fhagháil. An biadh a bhí i bhfuinneógaibh na siopaí ní bhfuaireas aon tsásamh ann. Ní bhéadh aon bhlas air. Ní bhfuaireas aon bhlas air. Na sicíní a bhí uaim. Sicíní a bhéadh agam! Sicíní a bhéadh agam! Dubhras é seo liom féin seacht n‑uaire déag mar pháisde bhéad ag foghluim ceachta. Bhíos ag oifig an dligheadóra sul ar éirigh liom cosg a chur le mo smaointibh.
Ní raibh ’san oifig rómham acht an cléireach. Ní dheárna sé acht féachaint orm.
“Nár dubhradh leat go gcuirfí an t‑airgead úd chugad dhá dtagadh sé?” ar seisean.
“Níor dubhradh a leithéid liom.”
“Cuirfear…acht fan. Cá gcómhnuigheann tú?”
Bhí socruighthe agam gan a dhul ar ais chuig an lóistín. Thugas an chéad seóladh a tháinic ’mo cheann dhó, agus d’imthigheas.