Page:Deoraidheacht (1920).pdf/87

This page has been validated.
87
Deoraidheacht

Tháinic cumha orm. Tháinic lionndubh ar mo chroidhe nach raibh an bhean úd a d’fhóir ar nós máthar ann le fáil­tiughadh rómham anois. Agus an tsúil a bhí agam leis an bhfáilte sin ó chroidhe!

Bhuaileas fúm ar an urlár ’san áit ar shuidh­eamar beirt ós comhair na teineadh soill­sighe an oidhche cheómhar fad ó. Fearacht Chloinne Lir, chumas dán—acht gurab iad mo dheóir na focail a bhí ann. Chaoineas agus chaoineas agus chaoineas go raibh mo dheóir ’gom’ dhalladh. Ní heól dom aon ní, le croidhe duine a thógbháil mar an ngol, acht amháin an gáiridhe, mór-mhór nuair a thagas na deóir go réidh agus go héasgaidh chuig duine, mar tháin­iceadar chugam-sa an mhaidin bheann­uighthe seo. Le chomh breágh réidh is shileas na deóir, rinne an dreas guil seo an-mhaith de’n tsaoghal dhom.

Bhí baladh agus seitreach na gcapall aníos chugam thríd na siúnta­chaibh a bhí ’sna cláir. Bhí duine ann freisin agus é ag sguabadh na leac—ag sguabadh agus ag sguabadh agus ag síor-sguabadh, agus b’fhacthas dom nár oibrigh aon duine chomh dian le sguaib ariamh ó’n uair ar chéad-bhain Éabha beart fraoigh le n‑a hárus a ghlanadh. Bhí an sguabadh seo dhom’ chrádh agus b’in comhartha dhom nach raibh an t‑ocras imthigh­the, má bhí sos agam ó na piantaibh féin. Idir dhá thaom ocrais bhínn ag tabhairt sunndais do neithibh beaga suaracha de’n tsaghas seo i gcomh­nuidhe agus bhídís dhom’ chrádh. Ní i bhfad uaim a bhí an taom eile. Cé’n chaoi a dtiocfadh sé? Níor thugas faoi deara an raibh an duine a bhí thíos fúm ’san stábla ag sguabadh nó nach raibh. An chéad taom eile, agus é sin amháin a bhí ag déanamh buaidh­eartha dhom. Ní raibh mé an t‑achar seo gan biadh ariamh cheana, agus ní raibh aon eólas cruinn agam. Múisg? Ní headh—ní fhéadfadh múisg a theacht ar dhuine gan aon bhlas a bheith ar a ghoile…acht b’fhéidir go mbéadh a fhios ag an bhfear thíos cá raibh an bhean mhór ruadh úd a