capaill chomh sleamhain slíoctha deagh-chumtha, agus chomh borb fíochmhar ceanndána, agus chomh breagh beathuighthe slachtmhar sin, agus eisean.…Och! nach é a bhí gránna le n‑a éadan rocach clochach, agus a ghuailne nach raibh ar aon áirde, agus a chruth droch-chumtha casta cromtha ’n‑a dhá leith, agus a chomhartha céirde—an sguab mhór árd a rinne níos lugha agus níos suaraighe agus níos uathbhásaighe é, agus a dhá shúil a bhí gan beódhacht, agus b’fhéidir gan mórán léarguis! Óch!…
Tháinic gráin orm. An bhféadfainn aon chorrughadh croidhe a bhaint as? Dá leiginn liúgh—liúgh an fhir bhuidhe—an gcuirfinn eagla air? Dá mbuailinn buile i lár éadain air, an gcosnóchadh sé é féin?
(Bhí an taom eile ocrais tagtha. B’eól dom sin ó’n meisge a bhí ag teacht orm ag machtnamh dhom ar fhear na sguaibe. Rinneas an-iarracht ar na smaointe aisteacha a bhí ag bhrúchtadh isteach im’ aigne ar nós fuarlaigh earraigh a chosg. D’éirigh liom cosg a chur orra feadh sgathaimh bhig).
Ní raibh cor dhá chur dhe ag fear na sguaibe feadh an achair.
“Hóra!” adeirim-se ’mo shean-bhéic.
Chuir sé a lámh le n‑a chluais. Bhí sé bodhar. Dhruideas chuige. Bhí sé smeartha salach le aoileach, agus a bholadh agus boladh an alluis mór-thimcheall air.
“A’ gcloisir?” adeirim-se.
Cor níor chuir sé dhe. Bhí sé bodhar i ndáiríribh.
“Hóra!” adeirim-se arís isteach ’n‑a chluais. Ní raibh aon mhaith ann, gidh go ndubhras i n‑árd mo ghotha é. Go deimhin duit, leis an anál do tharraingeas, ghortuigheas mo bholg folamh go mór.
Thosuigh na smaointe aisteacha ag teacht chugam arís. Ní raibh aon chosg leó. Acht bhí aon smaoineadh amháin i gcúl mo chinn, cé’n chaoi a bhfuighinn eólas ar áit chomhnuighthe na mná móire ruaidhe.