Page:Description d'un parler de Kerry.pdf/213

This page has been validated.
195
INGHEAN AN CHEANNAIDHE

tiubh. Do bhíodh sé timpall thighe Mháire Bhán go minic agus leig sé air a bheith go hanamhór le n‑a mnaoi chuindeachta.

Aon tráthnóna amháin bhí an máta agus an bhean óg so ag siubhal. Do labhair an máta léi: « Is mór an obair duit a bheith ag obair mar sin faid a bheadh tigh agat féin le fagháil agus fear maith. Pósad-sa tú », ar seisean, « agus beimid go compórdach i dteannta a chéile ar aon choingheall beag amháin ». « Cad é an rud é sin, a dhuine uasail? » ar sise. Chuir sé a lámh i n‑a phóca agus do thairrig aníos sparán airgid. « Feuch », ar seisean leis an gcailín « sin sparán óir agus tabharfaidh mé dhuit é, má’s féidir leat an fáinne pósta tá ar mhéir do mháighistreása a thabhairt dom i gan fhios di ». Tá sé ráidhte go scoiltean an bhreab an chloch. Do phrioc sé an cailín seo chun na h‑oibre a dheunamh. « Déanfaidh mé mo dhícheall », ar sise.

I gceann cúpla oidhche do bhí sí ag faire go dian nó go dtí go bhfuair sí Máire Bhán i n‑a codladh agus d’éaluigh sí go socair agus do shleamhnuigh an fáinne amach dá méir, agus do chuir i dtaisce é. Ar maidin nuair eirigh Máire ní raibh aon phioc do’n bhfáinne ar a méir agus ní raibh fhios aici connus a imthigh sé no connus a chaill sí é, ach bhí sí go cráidhte. Ní raibh aon áit budh dhóigh léi gur cheart dó bheith ná gur chuarduigh sí ach níor bhfuair si é mar budh dheacair de. Do bhí si cráidhte clipithe mar bhí fhios aici ná beadh a fear pósta baodhach di nuair a gheobhadh sé amach go raibh an fáinne caillte aici.

Do bhí an aimsir ag imtheacht agus is beag an t‑amhras a bhí aici gur ag n‑a cailín seómra a bhí an fáinne guidthe. Do bhí sé mhí imthighthe anois ach ní raibh an captaen tagtha fós. Bhí mac óg saoluighthe di agus is uirthi a bhí an bród agus lúthgháir í féin agus a leanbh a bheith go maith nuair a thiocfadh sé abhaile.

Bhí san go maith agus ní raibh go h‑olc. D’fhill an captaen agus nuair a tháinigh sé chun cuain níor dhein an ropaire máta ach an fáinne a chuir ar a mhéir féin. Comh luath agus tháinigh an captaen i dtír, do bhí an máta roimis. Shín sé chuige a lámh chun crochadh a bhaint aisti, ach má shín cad a chífeadh an captaen ach fáinne pósta a mhná féin ar a