a ḋá súil in a ceann, agus ḃí sí mar ḃeaṫaiḋeaċ allta, agus tar éis nómant screuċ sí: “Scuab an ceann dí; scuab sin.”
“Dícéille, a ḃean!” arsaiġ Eiḃlís, go hárd agus go neaṁspleáḋaċ. Níor ḟan focal ag an mBainríoġain.
Leag an Rí a láṁ ar ġualainn na Bain- ríoġna agus aduḃairt: “Cuiṁniġ, a ċuid den tsaoġal!” ar sé sin, “ná fuil innte aċt leanḃ.”
D’iompuiġ an Ḃainríoġain uaiḋ le holc agus duḃairt leis an gCuireata: “Iompuiġ ar a ndrom iad sin.”
Ċuir an Cuireata a ċos fúṫa agus d’iompuiġ sé go deas ar a ndrom iad.
“Éiriġiḋ!” arsaiġ an Ḃainríoġain de screuċ uaṫḃásaċ, agus do léim an triúr garraiḋeadóirí in a seasaṁ agus ċromadar ag uṁaluġaḋ don Rí agus don Ḃainríoġain agus do Ċlainn an Ríoġ, agus do gaċ aoinne eile.
“Caiṫiḋ uaiḃ in ainm Ċruim!” arsaiġ an Ḃainríoġain, “tá meaḃrán im’ ċeann agaiḃ. Cad a ḃíoḃar a ḋeunaṁ annso?”
“Le toil t’onóra ró uaisle,” arsaiġ A Dó, agus ċrom sé a ċeann agus ċuaiḋ sé síos ar a leaṫ-ġlúin agus é dá freagairt: “Ḃíomar d’iarraiḋ …
“Tuigim anois!” arsaiġ an Ḃainríoġain. Ḃí sí ag taḃairt an ċrann róis fé ndeara ar feaḋ na haimsire. “Scuabtar na cinn díoḃ!” ar sí, agus d’imṫiġ gaċ aoinne leo ’sa tsiuḃal aċt triúr saiġdiúirí d’ḟan ċum an t-órduġaḋ a ċur i ḃfeiḋm. Rioṫ an triúr garraiḋeadóirí ċum Eiḃlís ċum iad a ċosaint.
“Ní ḃainfear na cinn díḃ!” arsaiġ Eiḃlís, agus rug sí orra agus ċaiṫ sí isteaċ i ndaḃaċ