Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/103

This page has not been proofread.
95
I dTÍR NA nIONGANTAS

ṁór iad a ḃí taoiḃ léi. D’ḟan an triúr saiġ- diúirí dá lorg ar feaḋ cúpla nómant, agus annsin nuair ná fuaireadar iad leanadar an ċuid eile.

“Ḃfuil na cinn díoḃ?” arsaiġ an Ḃain- ríoġain.

“Is cuma orra súd nó ḋíoḃ iad, a Ḃain- ríoġain ró onóraċ,” arsaiġ na saiġdiúirí.

“Is fíor sin!” arsaiġ an Ḃainríoġain. “An ḃfuil tú in iúl ar ċróicé d’imirt?”

Ḋún na saiġdiúirí a mbeul agus d’ḟeuċadar ar Eiḃlís, mar gur uirre cuireaḋ an ċeist.

“Tá mé in iúl air,” arsaiġ Eiḃlís. “Siuḃal leat, má’s eaḋ,” arsaiġ an Ḃain- ríoġain, agus seo ċum siuḃail Eiḃlís i ḃfoċair na coda eile.

“Naċ — naċ breáġ an lá é!” arsaiġ an guṫ gairid dí. Cé ḃeaḋ ann aċt an Coinín Gléigeal agus é ag cur na súl tríṫe.

“Is breáġ, ṁuise!” arsaiġ Eiḃlís, “cá ḃfuil an Ḃaintiġearna?”

“Éis -! Éis -!” ar sé sin, agus d’ḟeuċ sé siar tar a ġualainn dá ráḋ ḋó, agus annsin d’éiriġ sé ar órdóga a ċosa deireaḋ agus ċuir sé a ḃeul ċum a cluaise agus duḃairt i gcogar léi: “Táṫar ċum an ceann a ḃaint dí.”

“’Dé a ġnó?” arsaiġ Eiḃlís. “A nduḃairt tú ’Mo ṫruaġ í’?” arsaiġ an Coinín.

“Ní duḃairt,” arsaiġ Eiḃlís, “ní dóiġ liom gur truaġ in aon ċor í. Duḃairt mé, ’’Dé a ġnó?’”

“Ḃuail sí an Ḃainríoġain feaḋ na cluaise.” Ċuir Eiḃlís scairt de ġáire aiste. “Ó, Éis -!” arsaiġ an Coinín arís, “aireoċ’ an