Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/104

This page has not been proofread.
96
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Ḃainríoġain ṫu! Ṫáinig sí roinnt déiḋeanaċ don ċluiċe agus …”

“Téiġeaḋ gaċ aoinne ċum a áite féin!” arsaiġ an Ḃainríoġain go hárd-ġlóraċ, agus seo gaċ aoinne ag rioṫ agus ag bualaḋ i gcoinne a ċéile, aċt ba ġairid go raḃadar socair agus gur ṫosnuiġ an cluiċe. Ṡíl Eiḃlís ná faca sí a leiṫéid d’ḟaiṫċe cróicé riaṁ in a saoġal; árdáin agus ísleáin b’eaḋ í ar fad; gráineoga na liaṫróidí ḃí aca, agus corr-iasc beo ḃí mar ṁáilléid aca, agus ċaiṫ na saiġdiúirí iad féin a lúbaḋ agus seasaṁ ar a láṁa agus ar a gcosa ċum na stuaḋanna a ḋeunaṁ ḋóiḃ.

Ṫáinig sé cruaiḋ ar Eiḃlís an ċeud uair bainistiḋe a ḋeunaṁ ar a corr-iasc féin; d’éiriġ léi caḃail an ċorr-éisc a ṡocruġaḋ deas go leor fé n-a hoscail agus a ċosa ar sileaḋ síos taoḃ ṫiar, aċt nuair ḃíoḋ a ṁuineul díriġṫe amaċ aici agus í ċum iarraċt dá ġob a ḃualaḋ ar an ngráineoig d’iompuiġeaḋ an corr-iasc siar uirre agus ṫugaḋ sé feuċaint ġreannaṁar isteaċ idir an dá ṡúil uirre ’sa tsliġe go gcaiṫfeaḋ Eiḃlís lúbaḋ síos le neart gáire; agus nuair ḃíoḋ a ṁuineul díriġṫe arís aici agus í i gcóir ċum tosnuġaḋ ḃíoḋ an ġráineog teiċte; in a ḟoċair sin arís ḃí árdán nó ísleán roimpe ’sa tsliġe pé áit a mbíoḋ sí ċum an ġráineog a ċur; agus ċum an mí- áḋ ceart a ḋeunaṁ ar an sceul d’éiriġeaḋ na saiġdiúirí as an áit a mbídís agus ḃídís ag dul ó áit go háit ar fuaid na faiṫċe. Ḃí sé deunta amaċ ag Eiḃlís gurḃ’ é an scannraḋ saoġalta an cluiċe d’imirt.

Ḃí gaċ aoinne ag imirt dó féin agus gaċ aoinne ag imirt insan am ceudna; ní raiḃ