Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/107

This page has not been proofread.
99
I dTÍR NA nIONGANTAS

go raiḃ go leor de le feicsin agus níor ḟás a ṫuille ḋe.

“Ní dóiġ liom go n-imireann siad an cluiċe go macánta in aon ċor,” arsaiġ Eiḃlís, ag bogaḋ ċum na cainte, “agus tá siad go léir ċoṁ mór sin ċum aċrainn nárḃ’ ḟéidir leat tú féin d’aireaċtain, ní áiriġim go n-aireoċṫá aoinne eile — agus ní dóiġ liom go ḃfuil aon riaġlaċa aca, nó má tá ní leanann aoinne aca iad — agus ní ṫuigfeá cad é an ċuir amuġa ḋéineann sé ar ḋuine gur le rudaí beo imir- eatar é; cuirim i gcás anois an stuaḋ a gcaiṫfead-sa gaḃáil fé, sin é ag siuḃal ṫimċeall an taoiḃ eile ḋen ṗáirc é.”

“Conus a ṫaiṫniġeann an Ḃainríoġain leat?” arsaiġ an Cat i gcogar léi.

“Ní ṫaiṫniġeann sí liom in aon ċor,” arsaiġ Eiḃlís, “tá sí ċoṁ” — le n-a linn sin díreaċ ṫug sí fé ndeara go raiḃ an Ḃainríoġain díreaċ ag a cúl ag éisteaċt léi — “MAIṪ sin gur dóiċiġe de gur léi raġaiḋ an cluiċe agus naċ fiú ḋúinn deireaḋ ċur leis.”

Ċuir an Ḃainríoġain smiota gáire aiste agus d’imṫiġ sí léi.

“Cé leis atá tú ag caint?” arsaiġ an Rí, ag teaċt suas go dtí an áit a raiḃ Eiḃlís, agus ṡeasaiġ a ḋá ṡúil in a ċeann nuair ċonnaic sé í ag caint le ceann cait.

“Duine muintearḋa ḋom é sin — Cat Cláraċ,” arsaiġ Eiḃlís; “fan go gcuirfe mé in aiṫeantas a ċéile siḃ.”

“Ní maiṫ liom an drana tá air,” arsaiġ an Rí; “aċt mar sin féin do-ġeoḃa sé mo láṁ a ṗógaḋ má’s maiṫ leis é.”

“B’ḟearr liom gan a ḋeunaṁ,” arsaiġ an Cat.