Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/108

This page has not been proofread.
100
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Ná laḃair liom-sa ’sa tsliġe sin,” arsaiġ an Rí, “agus ná feuċ orm ’sa tsliġe sin aċt an oiread.” Ċuaiḋ sé ar scáṫ Eiḃlís le linn na cainte ḋó.

“Do-ġeoḃaiḋ an cat feuċaint ar an Riġ,” arsaiġ Eiḃlís, “léiġ mé é sin as leaḃar éigin, aċt ní ḟeadar me anois cadé an leaḃar é.”

“Caiṫfear é ċur as an áit seo,” arsaiġ an Rí go húdarásaċ, agus ġlaoiḋ sé ar an mBainríoġain ḃí ag gaḃáil ṫórsta san am ċeudna. “Feuċ, a ċroiḋe na páirte!” ar sé sin, “b’ḟearr liom go ndeurfá le duine éigin an Cat so ċur as an áit seo.”

Ní raiḃ ag an mBainríoġain aċt an t-aon tsliġe aṁáin ċum teaċt as gaċ aon trioblóid - beag a’s mór — “Scuab an ceann de,” ar sí sin, gan an oiread a’s feuċaint taoḃ ṫiar dí.

“Beurfa me féin liom fear an dí-ċeannaḋ,” arsaiġ an Rí, agus as go bráṫ leis.

Duḃairt Eiḃlís léi féin go raiḃ sé ċoṁ maiṫ aici dul ag feuċaint conus ḃí ag éiriġe leis an gcluiċe; d’airiġ sí caint na Bainríoġna i ḃfad uaiṫe agus í ag screuċaḋ agus ag liúiriġ le raḃarta feirge. Ḃí sí ag éisteaċt léi ag daoraḋ triúr de na hiomaḋṫóirí ċum a ndí- ċeannaḋ mar ceann a’s gur ṫeip orra freagairt don imirt, agus anois níor ṫaiṫniġ léi an deallraṁ ḃí ar rudaí, mar ḃí gaċ aon rud ’sa ċluiċe ar aon leigint aṁáin ’sa tsliġe ná raiḃ a ḟios aici ar ḋí féin imirt nó nár ḋí. Ċuaiḋ sí ar lorg a gráineoige.

Cá ḃfuiġfeaḋ sí í aċt ag troid le gráineog eile, agus duḃairt sí léi féin gur ṁaiṫ an ċaoi ḋí é ceann aca a ċur ’sa ċluiċe leis an gceann eile, aċt ḃí an corr-iasc imṫiġṫe uaiṫe trasna