Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/110

This page has not been proofread.
102
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

go dtí an taoḃ eile den ṗáirc agus é d’iarraiḋ eitilt in áirde ar ċeann des na crainn.

Nuair ṫáinig sí ṫar n-ais leis an gcorr-iasc ḃí an troid i leiṫ-taoiḃ ag an dá ġráineoig agus iad imṫiġṫe as a raḋarc: “Is cuma é,” ar sí sin léi féin, “mar tá na stuaḋanna go léir imṫiġṫe go dtí an taoḃ eile ḋen ṗáirc.” Ḃailiġ sí ċúiċe an corr-iasc fé n-a hoscail ar eagla go n-eulóċaḋ sé arís uaiṫe agus ċuaiḋ sí ṫar n-ais go dtí n-a duine muintearḋa ċum píosa eile seanċuis a ḃeiṫ aici leis.

Nuair ṫáinig sí go dtí an áit a raiḃ an Cat Cláraċ ċuir sé iongantas uirre an coṁṫionól mór ḃí bailiġṫe ṫimċeall air. Ḃí díospóireaċt éigin ar siuḃal idir fear an dí-ċeannaḋ, an Rí, agus an Ḃainríoġain; ḃíodar go léir ag caint ’san am ċeudna, agus ḃí an ċuid eile go léir agus gan giog asta agus d’ḟeuċadar an-ṁí-ċompórdaṁail.

Nuair ṫáinig Eiḃlís ċuadar a dtriúr in aṫċuinġe uirre an sceul a réiḋteaċ dóiḃ; d’innis gaċ duine a ṫaoḃ féin den sceul, agus ó’s rud é go raḃadar a dtriúr ag caint in aoinḟeaċt ba ḋeacair dí a ḋeunaṁ amaċ cad a ḃíodar a ráḋ.

Is é rud aduḃairt fear an dí-ċeannaḋ aċt ná fuiġfí an ceann a ḃaint de ċeann-gan- ċolann; nár tugaḋ a leiṫéid le deunaṁ riaṁ dó; agus ná raiḃ sé ċum taḃairt fé an t-am so ḋá ṡaoġal.

Is é rud aduḃairt an Rí aċt gur ċóir go ḃfuiġfí ceann a ḋí-ċeannaḋ agus ná raiḃ aċt dícéille ḃeiṫ ag ráḋ a ṁalairt.

Is é rud aduḃairt an Ḃainríoġain aċt mara ndeunfaí rud éigin agus sin gan stad go