Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/113

This page has not been proofread.
105
I dTÍR NA nIONGANTAS

an Ḃaintiġearna in a cuideaċtain in aon ċor gur ċuir sí sin í féin in iúl dí agus go nduḃairt sí, “Tá tú ag maċtnaṁ ar rud éigin agus baineann sin do ċaint díot. Ní ḃfuiġfinn a ráḋ anois díreaċ cadé an múineaḋ ḃaintear as sin, aċt is cuma é, cuiṁneo’ mé ar an nómant air.”

“Béidir ná fuiġtear aon ṁúineaḋ as sin,” arsaiġ Eiḃlís.

“Hut, hut, a ḋuine! ní ḟuil dada ná fuiġfí an múineaḋ as, dá n-éireoċ’ le daoine é d’ḟaġáil"; agus d’ḟáisc sí í féin isteaċ níos giorra ḋo Eiḃlís.

Níor ṫaiṫniġ le hEiḃlís í ḃeiṫ dá fáscaḋ féin isteaċ léi: ’sa ċeud áit ḃí an mí-áḋ le grándaċt ar an mBaintiġearna; agus rud eile, ḃí sí díreaċ árd go leor a smeigín a leagaint ar ġualainn Eiḃlís, agus ḃí an smeigín ceudna sin ċoṁ geur le cloiċ. Mar sin féin níor ṁaiṫ le hEiḃlís ḃeiṫ mí-ḃeusaċ, agus ċuir sí suas leis ċoṁ maiṫ agus a ḟeud sí. “Tá ag éiriġe níos fearr leis an gcluiċe anois,” arsaiġ Eiḃlís, ag deunaṁ iarraċt éigin ar an gcaint a ċoimeád ar siuḃal.

“Tá sin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus an ḃfuil a ḟios agat a ṁúineaḋ sin? Seo é —‘dá ġiorraċt do ḋuine a ċóta is giorra ná sin dó a léine.’”

“Agus ná duḃairt duine éigin,” arsaiġ Eiḃlís, “gur milis an rud é an t-anam.”

“Ṁuise, is mar a ċéile é,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, ag cur iarraċt dá smeigín síos tré ġualainn Eiḃlís, “agus an ḃfuil a ḟios agat a ṁúineaḋ sin — ‘ċoṁ mar-a-ċéile an dá ṁarḃ laoġ.’”