"Naċ iongantaċ an caiṫeaṁ in a ḋiaiḋ atá aici,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin, “múineaḋ ḃaint as gaċ aon rud!”
“Tá mé ag cuiṁneaṁ,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, “gur ait leat ná fuil mé ag cur mo láṁ ṫimċeall ort, aċt ċum na fírinne d’innsint duit ní ḟuil aon ṁuiniġín agam as do ċorr-iasc. Ní ḟeadar an dtriailfinn é?”
“Is baoġal liom go gcuirfeaḋ sé gob ionnat,” arsaiġ Eiḃlís, mar nár ṫaiṫniġ léi in aon ċor go ndeunfaḋ sí a leiṫéid.
“Tá an ceart agat,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “nár airiġ tú riaṁ corr-iasc nó míoltóg, míoltóg, míoltóg! agus a ṁúineaḋ sin, ’ní ṫuigeann an sáṫaċ don seang, nuair atá a ḃolg féin teann.’”
“Is eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt ní teann bolg corr-éisc.
“Tá an ceart arís agat,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “naċ cruinn a laḃrann tú i gcoṁnuiḋe?”
“Deirtear,” arsaiġ Eiḃlís, “gur binn beul mná in a tost.”
“Agus a ṁúineaḋ sin,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, “ná bíonn saoi gan loċt.”
“Ó, tá a ḟios agam,” arsaiġ Eiḃlís, agus ná feadar sí in aon ċor cad duḃairt an Ḃaintiġearna, ḃí a leiṫéid sin de leigint cainte fúiṫe, “fios fáṫ scéil gan bun.”
“Táim ar aon aigne leat ’sa méid sin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus a ṁ——.” Níor ċríoċnuiġ sí an focal agus ċrom sí ag crioṫ le fallsaor agus ṫuit a ḋá láiṁ síos léi. D’ḟeuċ Eiḃlís uirre agus b’ait léi cad ḃí ag teaċt uirre — ṡíl sí gur dá taċtaḋ ag an