Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/119

This page has not been proofread.
111
I dTÍR NA nIONGANTAS

Ṡuiḋeadar síos agus níor laḃair aoinne aon ḟocal ar feaḋ roinnt nómantaí.

“Ní fios,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin, “caiṫin a ḃeiḋ deireaḋ leis an sceul maran rud é go dtosnuiġeann sé.” Mar sin féin ḃrúġaiḋ sí fúiṫe.

I ndeireaḋ ṫiar ṫall ċuir an Gárlaċ osnaḋ as, osnaḋ ċoṁ trom ċoṁ caṫaċ sin gur ḋóiġ leat gur aníos as órdóga a ċos a ṫarraing sé é agus ċrom sé ag seanċus dóiḃ:

“Oḃoċ! mo ċreaċ a’s mo léir, agus mo ċuma lem’ ṡaoġal,” ar sé, “ḃíosa im’ Ġárlaċ ceart nádúrṫa scaiṫeaṁ dem’ ṡaoġal, aċt ḃí leas-ṁáṫair agam, agus ḃí a leiṫéid sin de ġráin aici orm gur ġuiḋ sí ar Ċrom Cruaċ sliogán a ḋeunaṁ díom,” agus stad sé annsin ar feaḋ tamaill ṁóir eile. Níor laḃair aoinne aċt aṁáin go gcuireaḋ an Ollṗiast gogala mór garḃ as anois agus arís mar d’aireoċṫá ag páiréid agus an osnġail ṁór ṫrom ḃíoḋ ag an nGárlaċ. Is beag a ċuirfeaḋ d’ḟiaċaiḃ ar Eiḃlís éiriġe in a seasaṁ agus a buiḋeaċas a gaḃáil leis mar ġeall ar an sceul deas taiṫneaṁaċ ḃí sé tar éis a innsint dóiḃ, aċt mar sin féin ċeap sí ná fuiġfeaḋ gan a ṫuille ḃeiṫ aige le n-innsint, agus d’ḟan sí mar ḃí aici agus ní duḃairt sí dada.

I gceann i ḃfad anonn agus leis an osnġail ceudna ṫosnuiġ sé arís: “Nuair ḃíomair-ne beag,” ar sé sin, “cuireaḋ ar scoil sinn ’sa ṁuir ṁóir. Sean-Ġárlaċ b’eaḋ an t-oide-múinte ḃí againn agus ní ṫugaimís aon ainm air aċt An Sean-Ṗortán …”

“’De ċúis a dtugaḋ siḃ sean-ṗortán air nuair nár ṗortán é?” arsaiġ Eiḃlís.