Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/122

This page has not been proofread.
114
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

ceisteanna ċur; ní ḟeadar sí an ar a ceann nó ar a cosa ḃí sí in a seasaṁ le neart náire: níor ḟág an Ollṗiast meas madra aici uirre féin. D’iompuiġ sí ar an nGárlaċ agus d’ḟiaḟraiġ sí ḋe cad eile ḃí sé d’ḟoġluim.

Duḃairt sé go raiḃ sé ag foġluim Feall- saṁanaċt, Breallsaṁanaċt, agus Sciṫireaċt - “Gaċ aon Aoine ar feaḋ uair a ċluig tar éis dinnéir is eaḋ ṫagaḋ Ollaṁ na Sciṫireaċta ċuġainn — Sean-Ċnádán b’eaḋ é, agus ḃí fios a ċéirde aige. Ḃímís go léir sínte agus i rioċt scoilte orainn le gáire fé mbíoḋ sé réiḋ linn. Ḃíoḋ sé eulaiġṫe leis fé dtagaimís ċuġainn féin. Ċaiṫeaḋ an-ċuid dínn ṫaḃairt don leaba leis an treiġid tar éis a leictiúir sin. An lá in a ḋiaiḋ sin is eaḋ ḃíoḋ an Liaiġ le hÍce agus Apotaigéireaċt againn; agus ċaiṫimís an tráṫnóna sin ag deunaṁ Iompóḋ Cait a Ċroicinn.”

“Conus a ḋéintí é sin?” arsaiġ Eiḃlís. “Ní ḃfuiġfinn é ṫeasbáint duit anois mé féin; táim ag teaċt ró aosda, agus tá mo ċnáṁa ró ċrapṫa. Agus is dóiġ liom nár ḟoġluim an Ollṗiast annso riaṁ é.”

“Ní raiḃ sé d’uain agam,” arsaiġ an Ollṗiast, “aċt má’s eaḋ ċaiṫ mé teurma i ḃfoċair Fear Gaile agus Gaisce: sean- ġliomaċ b’eaḋ é.”

“Níor ċaiṫeas-sa aon tamall in a ḟoċair sin,” arsaiġ an Gárlaċ, “aċt airiġinn ná raiḃ aon teora leis ċum Meunġail, Sraoṫartġail, agus Fail a ṁúineaḋ.”

“Ó, naċ agam-sa tá a ḟios é,” arsaiġ an Ollṗiast, ag oscailt a ḃéil ċoṁ mór a’s go raġaḋ colamóir siar ann, agus ag cur drana