Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/123

This page has not been proofread.
115
I dTÍR NA nIONGANTAS

air féin, agus ag cur sraoṫ as gur ḋóiġ leat go ndúiseoċ’ sé na mairḃ a ḃí is na reilgeaċa.

“Ó, Dia linn, maran snaois é!” arsaiġ Eiḃlís, “aċt, mo ḋearṁad, ’dé an ḟaid ḃíoḋ siḃ ag foġluim gaċ aon lá?”

“Deiċ n-uaire an ċluig an ċeud lá; a leaṫ sin an dara lá; agus a leaṫ sin arís an tríoṁaḋ lá; agus mar sin de go dtí nár ḃfiú ḋúinn suiḋe síos ċum aon ċeaċt, ḃíoḋ an t-am ċoṁ gairid sin.”

“Nárḃ’ ait a leagaḋ amaċ Réim na dTráṫ ḋíḃ,” arsaiġ Eiḃlís. “Is dóċa go raiḃ an sceul in a ṡosaḋ agaiḃ as son amaċ.”

“Ċaiṫeamair an ċuid eile ḋen aimsir ag fiaḋaċ piaṫán,” arsaiġ an Gárlaċ.

“Is leor sin i dtaoḃ an réim léiġinn,” arsaiġ an Ollṗiast, “is dóiġ liom féin go ḃfuil an léiġeann ag dul ós cionn meaḃraċ oraiḃ. Béidir go neosfá ḋí anois i dtaoḃ an caiṫeaṁ aimsire ḃíoḋ agaiḃ.”