Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/125

This page has not been proofread.
117
I dTÍR NA nIONGANTAS

nó go dtaċtfaí é, ’sa tsliġe gur ċaiṫ an Oll- ṗiast breiṫ air agus cúpla croṫaḋ ḃaint as agus é ḃualaḋ ’sa drom, feuċaint an ḃfuiġ- feaḋ sé a anáil leis. I gcionn tamaill ṫáinig sé ċuige féin agus ṫáinig a ċaint dó, aċt ḃí na deoraċa ag rioṫ anuas le n-a ḋá ṗluc.

“Is dóċa,” ar sé, “gur beag ded’ ṡaoġal a ċaiṫ tusa fén ḃfarraige” — ("aon ṗioc,” arsaiġ Eiḃlís) — “agus béidir nár cuireaḋ in aiṫeantas gleamaiġ riaṁ tú” — ("d’iṫ mé p -,” arsaiġ Eiḃlís, aċt ḃain sí siar aiste féin ar an nómant arís agus duḃairt sí nár cuireaḋ, riaṁ) — “agus mar sin de ní ḟuil aon tuigsin agat cadé an greann ḃíonn ag daoine ag deunaṁ Rinnce an Ġleamaiġ.”

“Ní ḟuil, ṁuise, aon tuigsin,” arsaiġ Eiḃlís. “A’ ḃfuiġfeá a ṫeasbáint dom cadé an sórt é?”

“Mar seo,” arsaiġ an Ollṗiast, ag baint an ḟocail as ḃeul an ḟir eile, “caiṫfiḋ gaċ aoinne seasaṁ ar aon líne i ndiaiḋ a ċéile ar an dtráiġ …”

“In ḋá líne,” arsaiġ an Gárlaċ. “Róin, sliogáin, agus mar sin; agus annsin nuair ḃíonn an glóṫaċ curṫa as an tsliġe agat …”

“Baineann sé sin roinnt aimsire,” arsaiġ an Ollṗiast.

“… tosnuiġeann an Rinnce; gaċ aoinne ċum cinn agus i ndiaiḋ a ċúil ḋá iarraċt …”

“Gaċ aoinne agus gliomaċ mar ṗáirtiḋe aige,” arsaiġ an Ollṗiast.

“Ó, iseaḋ, dar ndóiġ,” arsaiġ an Gárlaċ, “gaċ aoinne ċum cinn agus ṫar n-ais arís ḋá iarraċt agus annsin t’aġaiḋ a ṫaḃairt ar do ṗáirtiḋe …”