Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/132

This page has not been proofread.
124
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Baḋ ṁaiṫ le hEiḃlís go dtosnóċaidís ag caint ar rud éigin eile, aċt ní raiḃ aon ṗioc dá ḟonn orra.

“Abair an ċeud ċeaṫraṁa eile,” arsaiġ an Ollṗiast, “seo mar a ṫosnuiġeann sé: ’Ní raiḃ bróg ná stoca, caḋp ná clóc’.’”

Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís ḃoċt innte féin iad d’eiteaċ, ar a ṡon go raiḃ a ḟios aici go dtiocfaḋ na focail go léir bun-os-cionn arís, agus ṫosnuiġ sí:

“Ní raiḃ bróg ná stoca, caḋp ná clóc’, Ar áirniḋe duḃa Loċ Léin; Agus ṡuiḋ an púca ar na smeara duḃa, A’s ní raiḃ sceaṫóir ann ná caor. Aċt an scian a’s an forc ḃí agam im’ ġlaic Ṫeastuiġeadar go geur uaim féin, Ċum pluide a’s gúta an ḃóṫair ḃuig A ḃaint as an sceul go léir.”

“Cadé an ṁaiṫ ḋuit a ḃeiṫ ag ráḋ an ráiméis cainte sin,” arsaiġ an Gárlaċ, “maran rud é go ḃfuil tú ċum míniuġaḋ éigin a ṫaḃairt dúinn air. Isí an draḃġail cainte í is aite agus is mí-ṫaiṫneaṁaiġe d’airiġ mé riaṁ im’ ṡaoġal beaṫa í.”

“Caiṫ uait í in ainm Dé agus Muire, má’s eaḋ,” arsaiġ an Ollṗiast, agus deirim leat gur ċaiṫ.

“Ní ḟeadar,” ar sé sin, “a ndeunfaimís boḃta eile ḋe Rinnce an Ġleamaiġ, nó béidir gur ṁaiṫ leat go ndeurfaḋ an Gárlaċ aṁrán eile ḋúinn.”

“Ó, aṁrán an Ġárlaiġ,” arsa Eiḃlís go hobann — ċoṁ obann agus ċoṁ sainteaṁail sin