Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/136

This page has not been proofread.
128
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

an ṗeiriḃig air sin é an breiṫeaṁ,” ar sí sin léi féin.

Aċt b’é an Rí an breiṫeaṁ agus is aṁlaiḋ ḃí an ċoróinn leagṫa anuas ar an bpeiriḃig aige; deir mé leat gur ḟeuċ sé mí-ċompór- daṁail, agus rud eile níor oir an dá ċóir dá ċéile a ċuigint ná ar aon ċor; is aṁlaiḋ do-riġneadar araon amadán de.

“Agus feuċ Coiste an Dá Ḟear Ḋeug,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “agus an ḃfacaiḋ aoinne riaṁ a leiṫéid” — éin b’eaḋ cuid aca agus beaṫaiḋiġ ḃeaga ċeiṫre gcos b’eaḋ a ṫuille aca. “Dia linn a’s Muire!” ar sí sin, “níor ṁaiṫ liom go mbeaḋ coimirċe m’anama orra sin; guagairí beaga gan inċinn iseaḋ a urṁór.”

Ḃí an dá ḟear ḋeug so ag scríoḃaḋ ar a ndíċeall le cailc ar ṡlinnteaċa. “Ní ḟeadar ’sa doṁan ḃraonaċ cad atá siad go léir a ḋeunaṁ?” arsaiġ Eiḃlís leis an Ollṗiast, “dar ndóiġ, ní ḟuil aon rud le scríoḃaḋ aca fós nuair nár ṫosnuiġ an triail.”

“Tá gaċ aoinne aca ag scríoḃaḋ a ainm féin,” arsaiġ an Ollṗiast, “ar eagla go ndearṁadfaidís iad fé mbeaḋ deireaḋ leis an triail.”

“Hutaidís! na dallaċáin!” arsaiġ Eiḃlís, agus le n-a linn sin do ġlaoiḋ an Coinín amaċ i gcoṁ-árd a ċinn agus a ġuṫa: “Ciúineas oraiḃ i láṫair na Cúirte!” Ċuir an Rí a spiacláirí air, agus d’ḟeuċ sé ṫimċeall feuċaint cé ḃí ag cainnt.

Ċonnaic Eiḃlís go raiḃ gaċ aoinne den dá ḟear ḋeug ag scríoḃaḋ síos “Dallaċáin” ar na slinnteaċa agus ná raiḃ an oiread a’s duine aca in iúl ar na leitreaċa atá ag baint leis