Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/138

This page has been proofread.
130
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Nuair ṫáinig an Cuireata
Agus le neart faoḃar cuirpṫeaċt’
Ġoid as an teine iad
Gan beann ar do ḋliġṫe-se.”

“Taḃair do ḃreaṫ,” arsaiġ an Rí leis an gCoiste.


D’oscail sé an meamram
“Fan leat, fan leat!” arsaiġ an Coinín, “tá mórán eile le deunaṁ fós fé mbeiḋ an ċúis pléiḋte!”

“Glaoiḋ ar an gceud ḟínnéiṫ,” arsaiġ an Rí. Ċuir an Coinín an stoc ċum a ḃéil agus ṡéid sé fó ṫrí arís é. “Tagaḋ an ċeud ḟínnéiṫ annso i láṫair na cúirte,” ar sé sin.

Toṁais cé arḃ’ é an ċeud ḟínnéiṫ? Ní ṫoṁaisfeá go deo é! Fear Lár na Gealaiġe! Rioṫ sé isteaċ ’sa ċúirt le hata mór árd ṫiar ar ċúl a ċinn, cupán té in láiṁ leis agus píosa aráin agus ime ’sa láiṁ eile. “Gaḃaim párdún agat, a Rí onóraiġ,” ar sé sin, “ċionn a’s gur ṫug mé iad so isteaċ liom; aċt ní raiḃ an té ólta agam nuair a cuireaḋ fios orm.”

“Ḃí sé in am agat é ḃeiṫ ólta agat,” arsaiġ an Rí. “Caiṫin a ṫosnuiġ tú?”

“An ceaṫraṁaḋ lá deug de Ṁárta, is dóiġ liom,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus d’ḟeuċ sé ar an nGirrḟiaḋ Márta ḃí tar éis é leanaṁaint isteaċ i dTiġ na Cúirte é féin