Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/144

This page has not been proofread.
136
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

fear boċt de ċoṁ mear in Éirinn agus ḃí in a ċosa amaċ as tiġ na cúirte, agus níor ḟan sé le n-a ḃróga ċur air.

“… Agus cas an ceann de leaṫ is amuiġ,” arsaiġ an Ḃainríoġain le duine de oifigí na cúirte, aċt ḃí Fear Lár na Gealaiġe curṫa ḋe fé ḃfuair an t-oifigeaċ dul amaċ ’sa dorus.

“Glaoiḋ ar an gceud ḟínnéiṫ eile,” arsaiġ an Rí.

Is í an duine ṫáinig aċt cócaire na Bain- tiġearna. Ḃí boiscín an ṗiobar in a láiṁ aici, agus d’aiṫin Eiḃlís gurb’ í ḃí ag teaċt fé ḃfaca sí in aon ċor í, mar ṫosnuiġ gaċ aoinne ḃí ṫíos ag an dorus ag sraoṫartġail in aoinḟeaċt.

“Taḃair t’ḟínnéiḋeaċt,” arsaiġ an Rí. “Ní ṫaḃarfaḋ,” arsaiġ an cócaire.

D’ḟeuċ an Rí ar an gCoinín Gléigeal agus duḃairt sé sin go híseal leis, “Caiṫfe tú an ḃean so a ċeistiuġaḋ.”

“Má ċaiṫfe mé, caiṫfe mé, ar ndóiġ,” arsaiġ an Rí go duḃsmánta, agus d’ḟill sé a ḋá láiṁ in a ċéile agus ċuir sé drana air féin go raiḃ a ḋá ṡúil geall leis sloigṫe siar in a ċeann: “Conus a ḋéintear prátaí a rósta?” ar sé sin.

“Le piobar,” ar sí sin.

“Le bláṫaċ,” arsaiġ an duine taoḃ ṫiar dí agus é mar a ḃeaḋ sé ag caint tré n-a ċodlaḋ.

“Beir ar scrogal ar an luċ sin,” arsaiġ an Ḃainríoġain de scread. “Cas an ceann dí! Cuir leaṫ is amuiġ ḋen dorus í! Cuir ’sa mála í! Bain miotóg aiste! Strac an ḟeusóg dí!”