Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/147

This page has been proofread.

CAIBIDIL A XII

FÍNNÉIḊEAĊT EIḂLÍS


D’ḟan sé in a ṡuiḋe suas díreaċ agus a ḃeul ar leaṫaḋ aige
“Táim annso!” ar sí sin, ag éiriġe in a seasaṁ go hobann, agus níor ċuiṁniġ sí riaṁ ar an méid ḃí tar éis dul innte ó ṫáinig sí isteaċ ’sa ċúirt. Ar a héiriġe in a seasaṁ dí agus leis an ḃfuinneaṁ ḃí léi nár ḃuail íoċtar a gúna ar ċinn an ḋáreug agus leagaḋ gaċ aoinne riaṁ aca síos i lár na cúirte, síos ar ċinn na ndaoine go léir ḃí gairid do ḃosca an Ċoiste. Eaċtraḋ b’eaḋ feuċaint orra le n-a gcinn fúṫa agus a gcosa in áirde. Ċuir sé i gcuiṁne ḋ’Eiḃlís ciotarainn a ḃain dí féin ’sa mbaile seaċtṁain roiṁe sin nuair a leag sí báisín a raiḃ bric órḋa ann agus ḋortaḋ iad go léir ar fuaid an tiġe.

“Ó, gaḃaim párdún agaiḃ!” ar sí sin, agus d’aiṫneoċ’ aoinne ar a caint go raiḃ an-ċaṫuġaḋ uirre. Ċrom sí dá bpiocaḋ suas. Ḃí a ḟios aici in sliġe éigin gurb’ ṡin é an ceart—go raiḃ sé ċoṁ ceart aici iad sin a ḃailiuġaḋ