agus a ḃí sé ḋí na bric órḋa a ḃailiuġaḋ — ṡíl sí go ḃfuiġfidís bás maran gcuirfí ṫar n-ais arís ’sa mbosca iad.
“Ní ḃfuiġfear dul ċum cinn leis an dtriail,” arsaiġ an Rí, “go mbeiḋ gaċ aoinne den Ċoiste ṫar n-ais in a áit féin — gaċ aoinne riaṁ den dáreug,” ar sé sin, ag feuċaint go geur ar Eiḃlís.
D’ḟeuċ Eiḃlís ar an áit a raiḃ an Coiste, agus cad a ḃeaḋ ná an t-arcluaċra agus a ċeann fé agus a iarball san aer aige agus corruiġe beag dá ḃaint aige as anois agus arís. Ar éigin a ḃí ann corruiġe. Is aṁlaiḋ a ċuir Eiḃlís isteaċ bun ós cionn é.
Rug sí ar iarball air agus ṡocruiġ sí in a ċeart arís é: “Aċt is cuma é ar ndóiġ,” ar sí sin, “ní measa den ċúis ḃí dá pléiḋe a iarball a ḃeiṫ in áirde aige, le hé a ḃeiṫ fé.”
Nuair ḃí an Coiste tar éis teaċt ċúċa féin roinnt agus pé ṁéid ciall a ḃí aca cruin- niġṫe le n-a ċéile arís agus gaċ aoinne aca agus a ṡlinn agus a ṗíosa cailce féin aige ċromadar ag scríoḃaḋ síos cúntas ar an gciotarainn a ḃain dóiḃ, gaċ aoinne aċt an t-arcluaċra boċt: ḃí sé sin ró ṫré n-a ċéile aon rud a scríoḃaḋ. D’ḟan sé in a ṡuiḋe suas díreaċ agus a ḃeul ar leaṫaḋ aige ag feuċaint in áirde ar ḟraiġṫeaċa an tiġe.
“An ḃfuil a ḟios agat-sa aon rud i dtaoḃ an scéil seo táimíd do ṗléiḋe?” arsaiġ an Rí le hEiḃlís.
“Dada go Dia,” arsaiġ Eiḃlís. “Dada a ċuigint ná ar aon ċor?” arsaiġ an Rí.