"Ní ḟágfa mé an áit seo, pé sceul é,” arsaiġ Eiḃlís, “rud eile, ní riaġal coitċionta é sin; anois díreaċ a ċeap tú é.”
“Sé an riaġal is sia ’sa leaḃar é,” arsaiġ an Rí.
“Dá mb’é, baḋ ceart go mba Riaġal a hAon é,” arsaiġ Eiḃlís.
D’iompuiġ an Rí ar ḋaṫ an ḟalla agus ḋún sé a leaḃairín. “Tugaiḋ ḃúr mbreaṫ,” ar sé sin go criṫeánaċ leis an gCoiste.
“Tá fínnéiḋeaċt eile ’sa sceul,” arsaiġ an Coinín Gléigeal, ag éiriġe in a ṡeasaṁ go hobann. “Anois díreaċ fuaireaḋ an páipeur so caiṫte ar an úrlár.”
“Cad atá scríoḃṫa ann?” arsaiġ an Ḃain- ríoġain.
“Níor oscail mé fós é,” arsaiġ an Coinín, “aċt baḋ ḋóiġ liom gur leitir é a scríoḃ an cime seo ċum duine éigin.”
“’Dé’n seolaḋ tá uirre?” arsaiġ duine ḋen Ċoiste.
“Ní ḟuil aon seolaḋ uirre,” arsaiġ an Coinín, “ní ḟuil aon rud a ċuigint scríoḃṫa leaṫ is amuiġ uirre.” Ḃí sé ag oscailt an ṗáipéir le linn na cainte ḋó: “Ní leitir in aon ċor é,” ar sé sin, “tar éis gaċ aon rud; roinnt filiḋeaċta tá ann.”
“An é scríoḃaḋ an ċime seo tá ann?” arsaiġ duine eile ḋen Ċoiste.
“Ní hé, ṁuise,” arsaiġ an Coinín, “agus sin é taoḃ is aite ḋen sceul.” (D’ḟeuċ an Coiste an-ṫré n-a ċéile; ḃí an sceul ag dul ’sa ṁuilleann orra.)
“Is dóċa gur ḋein sé aiṫris ar scríoḃaḋ ḋuine éigin eile,” arsaiġ an Rí.