Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/151

This page has not been proofread.
143
I dTÍR NA nIONGANTAS

"Le toil do ṁór-uaisleaċta,” arsaiġ an Cuireata, “níor scríoḃas-sa é, agus ní ḟuil aon ċruṫuġaḋ aca gur scríoḃas; ní ḟuil aon ainm leis.”

“Marar ċuiris t’ainm leis, is aṁlaiḋ is measa tá an sceul,” arsaiġ an Rí. “Ḃí tú ar tí aċrann éigin a ċur ar bun ráiḋte ’s nár ċuir tú t’ainm leis mar a ḋeunfaḋ aon duine macánta.”

Ḃí an-ḃualaḋ bas anois ann don Ríġ. B’iad so na focail b’ḟáiġeaṁla duḃairt sé indiu.

“Ná daorann san é?” arsaiġ an Ḃain- ríoġain, “agus baintear …”

“Ní fíor san,” arsaiġ Eiḃlís, “agus rud eile ḋe, ní ḟeadar siḃ in aon ċor cad dó tá an ḟiliḋeaċt so ag tagairt.”

“Leiġ dúinn í,” arsaiġ an Rí.

Ċuir an Coinín air a spiacláirí. “Cá dtosnó’ mé, a Rí onóraiġ?” ar sé sin.

“Tosnuiġ i dtosaċ,” arsaiġ an Rí go faid- ċeannaċ, “agus léiġ leat siar go deireaḋ; do-ġeoḃa tú stad annsin.”

Ní raiḃ focal as aoinne i dTiġ na Cúirte an ḟaid agus a ḃí an Coinín ag léiġeaṁ an ṁéid seo im’ ḋiaiḋ:

“Duḃradar liom go raḃais léi, Agus gur ṫráċt tú ar mo láiṁ; Ṁol sí sin go hárd mo ċáil, Aċt aṁáin ná feudfainn snáṁ.

Ċuir sé sin an sceula ċúċa Ná raḃasa t’réis éiriġe. Agus, Dia linn! anois cad a ḋeunfa tú, Má ċuireann sí an sceul ċum crí’.