Ṫugas-sa a haon dí sin, Dó san a ṫugadar a dó; A trí nó a ceaṫair ṫugaise ḋúinn; Agus, feuċ! nárḃ’ olc an dóiġ.
Ba liom-sa féin iad san go léir, A’s ċasadar orm arís; Aċt ṫáinig sí ċuġam istoiḋċe aréir, Dá ráḋ go raḃadar i ndísc.
Má’s rud é go milleánfar mise ná í I dtaoḃ na gcúrsaí so. A ḃfuascailt go léir tá ort-sa, a ċroiḋe! Nó is giorra ḋúinn, “uṫ!” ná puṫ.
Im’ ṫuairim-se is tusa féin Ṫáinig idir í a’s me A’s ċuir é siúd ċoṁ fada i gcéin Gan bean ná spré aige.”
“Tá croċaḋ na mílte ’sa ḃfínnéiḋeaċt san,” arsaiġ an Rí, ag tógaint a leaḃair amaċ as a ṗóca arís; “seo-igí, a Ċoiste, tugaiḋ …”
“Feuċ,” arsaiġ Eiḃlís (agus ní raiḃ pioc eagla uirre laḃairt leo, ċuaiḋ sí ċoṁ mór sin i méid ó ṫáinig sí isteaċ ’sa Ċúirt). “Feuċ,” ar sí sin, “taḃarfa mé raol d’aoinne a ḃainfiḋ meaḃair as an gcaint sin. Ní ċreidim go ḃfuil ciall ná meaḃair le baint as.”
Scríoḃ gaċ aoinne ḋen Ċoiste síos ar a ṡlinn féin: “Deir sí ná creideann sí go ḃfuil ciall ná meaḃair le baint as,” aċt níor ṫug aoinne aca fé n-a ṁíniuġaḋ.
“Maran ḃfuil ciall ná meaḃair ann,” arsaiġ an Rí, “ag lorg meacain i ḃfail muice