Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/154

This page has not been proofread.
146
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

tslinn ċoṁ luaṫ agus a ṫirmiġ sé; aċt ṫosnuiġ sé anois ag scríoḃaḋ ar a ḋíċeall báis leis an duḃ ḃí ag rioṫ anuas le n-a ṗluc.)

“Tugtar an ḃreaṫ!” arsaiġ an Rí. “Ná tugtar, ná tugtar!” arsaiġ an Ḃain- ríoġain. “Gearrtar an pionós an ċeud uair - agus annsin tugtar an ḃreaṫ.”

“Dícéille, a ḃean!” arsaiġ Eiḃlís, “ar airiġ aoinne riaṁ a leiṫéid de ġnó? …”

“Éist do ḃeul!” arsaiġ an Ḃainríoġain, agus deallraṁ an áiḃirseora uirre.

“Ní éisteoċad!” arsaiġ Eiḃlís.

“Scuabtar an ceann dí!” arsaiġ an Ḃain- ríoġain i gcoṁ-árd a cinn agus a guṫa. Níor ċorruiġ aoinne.

“’Dé’n beann atá ag aoinne oraiḃ-se,” arsaiġ Eiḃlís. (Ḃí sí ċoṁ mór agus ḃí sí riaṁ anois.) “Cad atá ionnaiḃ aċt paca cártaí?” ar sí sin.

D’éiriġ an paca go léir in áirde ’san aer ós a ceann mar saiṫe beaċ agus ṫáiniġeadar anuas ’sa mulla uirre; leig sí screuċ aiste agus ṫug sí iarraċt ar í féin a ċosaint orra, agus ḋúisiġ sí as a codlaḋ. Ḃí sí in a luiġe ar an mbán, a ceann leagṫa ar ḃeinn a deirḃṡéir, agus í sin dá cosaint ar na cuileoga ḃí ag teaċt ṫimċeall ar a haġaiḋ dá cráḋ.

“Dúisiġ, a Eiḃlís, a leinḃ, is fada an codlaḋ ḃí agat,” arsaiġ a deirḃṡiúr léi.

“Ó, ḃí taiḋreaṁ iongantaċ agam!” arsaiġ Eiḃlís, agus d’innis sí dá deirḃṡiúr ċoṁ maiṫ agus a fuair sí cuiṁneaṁ orra na heaċtraí go léir ó ṫósaċ go deireaḋ, gaċ aon rud mar atá léiġte agat-sa ’sa leaḃar so; agus nuair