Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/155

This page has been proofread.
147
I dTÍR NA nIONGANTAS

ḃí deireaḋ aici leis ṫóg a deirḃṡiúr in áirde ar a baclainn ċúiċe í, agus ṗóg sí í agus aduḃairt: “B’iongantaċ an taiḋreaṁ é gan daḃt; rioṫ leat isteaċ anois, a ḃuiḋeanaċ, ċum do ċuid té. Tá sé ag éiriġe déiḋeanaċ.” D’éiriġ Eiḃlís in a seasaṁ agus rioṫ sí léi, agus ní ḃfuiġfeaḋ sí a ċur as a haigne na heaċtraí go léir a ṫaiḋriġeaḋ dí, ní naċ iongnaḋ.

EAĊTRAḊ EIḂLÍS GO NUIGE SEO.