Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/16

This page has been proofread.
8
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

glais ró ṁór nó ḃí an eoċairín ró ḃeag; aċt ar aon ċuma ní oscaileóċ’ sí aon ġlas aca. Aċt, i maite, nuair ḃí sí ag gaḃáil ṫimċeall an dara hiarraċt ṫug sí fé ndeara Brat Beag íseal ná faca sí an ċeud uair, agus díreaċ taoḃ ṫiar de ḃí dorus beag ṫimċeall ċúig órdlaiġ deug ar aoirde. Ṫriail sí an eoċairín ḃeag órḋa ’sa nglas, agus ḃí áṫas mór uirre nuair d’oir sí ḋó.

D’oscail sí an dorus, agus cad ḃeaḋ ann aċt poillín beag caol cuṁang—poillín ná raiḃ ann aċt ionad franncaiġ. Ċuaiḋ sí ar a glúine agus d’ḟeuċ sí siar faid an ṗuill, agus ṫiar ag a ḋeireaḋ ḃí an gáirdín ba ḋeis ċonnaic aoinne riaṁ. Ḃí an-ċaiṫeaṁ in a ḋiaiḋ ag Eiḃlís an halla dorċa so d’ḟágaint agus siuḃal i measc na mbláṫanna agus na dtobraċa fíor-uisce, aċt ní ḟeudfaḋ sí an oiread agus a ceann a ċur tré ionad an duiris; “agus,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “dá n-éireóċ’ liom mo ċeann féin a ṡáṫaḋ isteaċ ’dé an ṁaiṫ ḋom é maran ḃfuiġfinn mo ġuailne ḃreiṫe liom in a ḟoċair. Ó, nár ḋeas liom dá ḃfuiġfinn mé féin a ḃailiuġaḋ ionnam féin isteaċ mar a ḋéintear leis an ngloine fad-raḋarc! agus is dóiġ liom go ḃfuiġfinn dá mbeaḋ a ḟios agam conus tosnuġaḋ air.” Ḃí an oiread sin rudaí neaṁ-ċoitċionta tar éis tuitim amaċ le déiḋeanaiġe gur ṡíl Eiḃlís gur beag rud ná fuiġṫí a ḋeunaṁ.

D’réir deallraṁ ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋí a beiṫ ag fuireaċ ag an duirisín seo; ṡiuḃail sí siar go dtí an bórd, agus dóċas éigin aici go ḃfuiġfeaḋ sí eoċair eile air, nó go mbéidir go ḃfuiġfeaḋ sí leaḃar na riaġlaċa a ḃaineann leis