Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/20

This page has been proofread.
12
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

gur ṁeall sí í féin ag imirt cluiċe cróicé léi féin, mar is minic ḃí an leanḃ neaṁ-ċoitċionta so dá dallaḋ féin ag leigint uirre a ḃeiṫ in a beirt. “Ní ḟuil aon ṁaiṫ ḋom a ḃeiṫ im’ ḋallaḋ féin anois,” arsaiġ Eiḃlís, “gur beirt mé! ní heaḋ, aċt ní ḟuil an oiread sin díom fágṫa is go ndeunfainn aoinne aṁáin deallraṁaṁail.”

Ba ġairid go ḃfaca sí bosca beag gloine fén mbórd; d’oscail sí é agus ḃí cáicín beag istiġ ann agus na focail “IṪ MÉ” breacṫa go deas air le cúiríní. “Íosfa mé é,” arsaiġ Eiḃlís, “agus má ṫéiġim in aoirde is féidir liom teaċt ar an eoċair; agus má’s i luiġead a raġa mé is féidir liom dul ar mo ċromada isteaċ fén dorus; is cuma liom é má ġeiḃim dul ’sa ngáirdín!”

D’iṫ sí blúire beag de agus ċuir sí a láṁ ar ḃarr a cinn feuċaint an síos nó suas a ḃí sí ag fás. Ḃí iongantas uirre gur ḟan sí ’san aoirde ceudna; dar ndóiġ, sin mar a ḃíonn an sceul ag aoinne a iṫeann cáca, aċt ḃí Eiḃlís ċoṁ mór san i dtaiṫiġe rudaí neaṁ-ċoitċionta le déiḋeanaiġe gur ḟeuċ sé roinnt tur dí go mbeaḋ duine ag caiṫeaṁ a ṡaoġail insan tsean-ṡliġe.

Luiġ sí ċuige agus is gairid a ḃí sí ag cur deireaḋ leis an gcáca.