Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/29

This page has not been proofread.
21
I dTÍR NA nIONGANTAS

ṁuintir-se ar ċait — daoine dána, oitire, gan taḃairt-suas. Ná laḃair amaċ as do ḃeul arís liom-sa ar ḋaoine mar iad.”

“Geallaim duit ná laḃarfad,” arsaiġ Eiḃlís, agus deiṫeanas uirre casaḋ ḃaint as an gcaint. “An mbeaḋ — aon ṁeas — agat ar — ar — ar ṁadraí?” Níor ṫug an luċ aon ḟreagra uirre agus lean Eiḃlís ag steallaḋ léi: “Tá madra beag deas ’sa tiġ is giorra ḋúinne ’sa mbaile agus baḋ ṁaiṫ liom é ṫeasbáint duit. Madra beag, geal-ġáireaċ a ḃfuil clúṁ fada, casta, donn air. Madra beag a ḃeurfaḋ ċugat gaċ aon rud a ḋeurfá leis agus a ṡeasóċaḋ ar a ḋá ċois deiriḋ ḋuit; madra a ḋ’iarrfaḋ a ḋinneur ort agus gaċ aon rud eile a ḃeaḋ uaiḋ — ní ḃfuiġfinn é léiriuġaḋ ḋuit leaṫ a ndeunfaḋ sé — is le feirmeoir é, tá a ḟios agat, agus tá sé ċoṁ maiṫ sin adeir sé gur fiú ceud púnt é! Marḃann sé na franncaiġ go léir dó, adeir sé, agus — ó, tut, tut, tut!” arsaiġ Eiḃlís, go cráiḋte léi féin, “tá an tiubaist deunta arís agam!” Ḃí an luiċín ag cur dí uaiṫe ċoṁ mear agus ab’ ḟéidir léi ag lapadáil léi tríd an uisce.

Ġlaoiḋ sí go deas séiṁialta as a diaiḋ. “A luiċín, a ċroiḋe,” ar sí sin, “cas ṫar n-ais, agus mo láṁ duit ná laḃarfaimíd ar ċait ná ar ṁadraí arís nuair naċ áil leat iad.” Nuair d’airiġ an luċ an méid sin d’iompuiġ sí ar a sáil agus ṡnáṁaiġ sí ṫar n-ais arís ċúiċe; ḃí a haġaiḋ ċoṁ bán leis an ḃfalla ("le neart faoḃar feirge,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin). Ḃí criṫeán in a guṫ nuair aduḃairt sí, “Buailimís cuan in áit éigin agus inneosfa mé mo sceul duit, agus tuigfe tú ’dé ċúis dom