Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/31

This page has not been proofread.

CAIBIDIL A III

RÁS AN ĊEARCAILL AGUS SCEUL FADA

B’ait ar fad an dream iad le feuċaint orra nuair a ḃailiġeadar isteaċ i dteannta a ċéile ar an bport — na héin agus a gcleití agus a sciaṫáin ar sileaḋ leo, na hainṁiḋiġ eile agus an fionnaḋ buailte isteaċ in aon scraiṫ ḟliuċ aṁáin orra, iad go léir is na seaċt silte, iad go neamoṫaċ agus croṫ na haingcise orra.

Is é an ċeud rud, dar ndóiġ, ḃí ag deunaṁ buaḋarṫa ḋóiḃ aċt conus a ṫirimeoċaidís iad féin; ḃí gaċ aoinne aca ag caint agus ag coṁráḋ air seo, agus níor ḋóiġ leat ar Eiḃlís naċ aṁlaiḋ ḃí a saoġal caiṫte aici in a measc, ḋein sí ċoṁ dána sin orra. Ba ġairid gur éiriġ idir í féin agus an gobadán agus ċrom- adar ag suiḋeaṁain ar a ċéile: “Naċ sine mise ná tu,” arsaiġ an gobadán, “agus naċ fearr atá a ḟios agam é.” Níor leig Eiḃlís leis é, agus duḃairt sí ná stríocfaḋ sí ḋó maran inneosfaḋ sé ḋí cadé an aois ḃí aige, agus nuair ná inneosfaḋ d’éiriġeadar as in ainm Dé.

Ḃain sé le deallraṁ gur duine údarásaċ an luċ in a measc. “Suiḋeaḋ gaċ aon ṁac máṫar agaiḃ síos,” ar sí sin, “agus éistiġeaḋ sé liom-sa agus geallaim díḃ gur gairid a ḃead-sa ’on ḃúr dtirimiuġaḋ!” Do ṡuiḋ- eadar go léir síos gan stad, an luċ istiġ in