Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/32

This page has not been proofread.
24
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

a lár agus an ċuid eile in a suiḋe ṫimċeall. Ḃí Eiḃlís ag cur na súl isteaċ tríṫe, mar ḃí sí deiṁiniġṫeaċ de go mbuailfeaḋ slaġdán í maran éireoċaḋ léi í féin a ṫirimiuġaḋ go hobann.

“Is eaḋ!” arsaiġ an luċ go húdarásaċ, “ḃfuil gaċ aoinne i gcóir? Seo é an rud is “tiorma” dá ḃfacas-sa lem’ linn; leagaḋ duine éigin agaiḃ gloine fíor-uisce annso im’ ḟiaḋnaise. Táim buiḋeaċ díot — deunfaiḋ sin! Ciúineas oraiḃ anois, má’s é ḃúr dtoil é! Uilliam na mBuaiḋ, an fear sin a raiḃ beannaċa an Ṗápa aige ar a ċuid gnóṫa, ní raiḃ sé i ḃfad gur ġéilleadar Sasnaiġ dó, mar ḃíodar gan treoruiġṫe agus ḃíodar i dtaiṫiġe géilleaḋ do luċt ceannais agus gaḃála. Do ġéill Eidḃin agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nor- tumbria, ḋó …”

“Priot!” arsaiġ an gobadán, agus é ar crioṫ leis an ḃfuaċt.

“Gaḃaim párdún agat, a ḋuine ċóir,” arsaiġ an luċ go séiṁialta (aċt mar sin féin a ṫeas- báin sí nár ṫaiṫniġ léi go mbeaḋ aoinne ag cur isteaċ uirre). “Ar laḃair tú?”

“Níor laḃaras-sa,” arsaiġ an gobadán go hobann.

“Ó, ṡíl mé gur laḃair tú,” arsaiġ an luċ. “Leanfa mé orm mar sin — do ġéill Eidḃin agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nortumbria, ḋó; agus dá mba é Stigand féin é .i. Árd Easbog tír-ġráḋaċ Ceanntarburġ, ċuaiḋ sé le Edgar Aitling ċum teagṁáil le Uilliam agus an ċoróinn a ḟuláraṁ do. I dtosaċ na haimsire ba ḟuiris go leor réiḋċan le Uilliam, aċt ba ḋeacair agus ba ró ḋeacair agus ba ró ró