Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/33

This page has not been proofread.
25
I dTÍR NA nIONGANTAS

ḋeacair seaċt n-uaire réiḋċan leis na Nor- mánaiġ …”

“Conus atá an saoġal ag éiriġe leat, a ċuid den tsaoġal?” arsaiġ sí le hEiḃlís.

“Táim ċoṁ fliuċ agus a bí mé riaṁ,” arsaiġ Eiḃlís, go duḃsmánta, “agus ní beag sin. Ní dóiġ liom go ḃfuil do sceul ag deunaṁ pioc aṁáin tirimiġṫe orm.”

“Má’s mar sin atá an sceul,” arsaiġ an gobadán, ag éiriġe in a ṡeasaṁ, “iarraim-se oraiḃ glacaḋ leis an gcoṁairle seo agam-sa .i. go gcuirfí an sceul ar aṫ-lá agus go mbain- fimís iarraċt feiḋmeaṁail, gasta, fáiḋeaṁail, fórsaṁail, láidir, glic, as ċuma éigin eile ċum sinn féin a ṫirimiuġaḋ.”

“Laḃair go réiḋ, le hanamainn do ṁarḃ,” arsaiġ an ċearc, “cá ḃfios dúinne leaṫ a ḃfuil tú ag ráḋ, agus rud eile ní ḟeadar an ró ṁaiṫ atá a ḟios agat féin é!” agus do ċrom sí a ceann ċum ná feicfí fáṫ an ġáire in a beul; agus na héin eile, d’airiġ an ċuideaċta go léir ag sciṫireaċt iad.

“Is é an rud a ḃíos-sa ċum a ráḋ,” arsaiġ an gobadán, “nuair ṫáiniġeaḋ trasna orm aċt gurb’ é an tsliġe is fearr do-ġeoḃaimís sinn féin a ṫirimiuġaḋ aċt le rás-eugcríoċta.”

“Cad é rud é rás-eugcríoċta?” arsaiġ Eiḃlís; ní haṁlaiḋ gur fios a ḃí uaiṫe, aċt ḃí an gobadán in a ṫost, agus ḃraiṫ sí air go raiḃ coinne aige go laḃarfaḋ duine éigin, agus ṫug sí fé ndeara ná raiḃ fonn cainte ar aoinne.

“Déinimís é,” arsaiġ an gobadán, “agus sin é mar is fearr a ṫuigfe tú é.” (Agus béidir go riṫfeaḋ sé leat féin é ḋeunaṁ lá éigin fuar geiṁriḋ, agus mar sin inneosfa mé ḋuit conus a ḋein an gobadán é.)