Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/36

This page has not been proofread.
28
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

cúramaċ ag bronnaḋ an ṁeuracáin uirre, agus á ráḋ, “Iarraimíd ort ón ár gcroiḋe amaċ an meuracán áluinn seo a ġlacaḋ uainn.” Nuair ḃí deireaḋ leis an méid sin caint aige, “Tar slán, tar slán,” ar siad sin go léir.

Searḃas ḃí ag Eiḃlís ar an ngnó ar fad, aċt d’ḟeuċadar go léir ċoṁ mór sin i ndáiríriḃ ná leigfeaḋ eagla ḋí cromaḋ ag gáire, agus nuair ná fuiġfeaḋ sí cuiṁneaṁ ar aon rud a ráḋ, d’úṁlaiġ sí ḋóiḃ agus ġlac sí an meuracán ag leigint uirre a ḃeiṫ ċoṁ dáiríriḃ agus ab’ ḟéidir léi.

An ċeud rud eile ḃí le deunaṁ anois aċt na milseáin casaċtaiġe d’iṫe; eaċtraḋ an cibeal ḃí aca dá ḋeunaṁ sin. Duḃairt na héin ṁóra ná fuiġfidís iad a ḃlas agus ḃí na héin ḃeaga dá dtaċtaḋ aca ’sa tsliġe gur caiṫeaḋ iad a ḃualaḋ ’sa drom. Cuireaḋ deireaḋ leis an ngnó pé sceul é, agus ċonn- laiġeadar go léir ṫimċeall ar an luċ arís agus ċuadar in aṫċuinġe uirre roinnt eile d’innsint dóiḃ.

“Ġeall tú ḋom go inneosfá cúrsaí do ḃeaṫa ḋom,” arsaiġ Eiḃlís léi, “agus cadé an ċúis a raiḃ an ġráin ṁarḃ agat ar — Ċ. agus ar Ṁ.” Duḃairt sí an méid seo i gcogar léi, mar ḃí sórt eagla uirre go gcuirfeaḋ sí olc arís uirre.

“Sceul fada, brónaċ, mo sceul-sa,” arsaiġ an luċ, ag iompó ar Eiḃlís agus ag cur osnaḋ aiste.

“Sceul, sceul, iarball ar eun,” arsaiġ Eiḃlís, agus ċrom sí ag cuiṁneaṁ ar na sceulta fiannuiġeaċta agus eaċtraí Ḟinn Ṁic Cuṁail d’airiġ sí ’sa mbaile ar a teinteán féin