Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/37

This page has not been proofread.
29
I dTÍR NA nIONGANTAS

ó rugaḋ í. Ċuiṁniġ sí ar “Oiḋe Ċloinne Lir,” agus ar “Oiḋe Ċloinne Uisniġ,” ar “Eaċtraḋ Ḋéirdre,” agus ar oiḋe agus eaċtraí eile naċ iad feuċaint an mb’ḟéidir go mbeaḋ aon ḃreiṫ ag aon sceul díoḃ ar sceul an luiċín.

“Ní ḟuil tú ag éisteaċt liom,” arsaiġ an luiċín go crosta le hEiblís. “Cad air atá tú ag cuiṁneaṁ?”

“Ó, gaḃaim párdún agat, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís go sár-íseal, “ḃí tú ag an cúigeaṁaḋ casaḋ, ná raḃais?”

“Ṫugais t’éiṫeaċ, ní raḃas,” arsaiġ an luċ.

“Má ṫugas, tugtar ṫar n-ais dom é,” arsaiġ Eiḃlís, “béidir naċ beag a ḃfuil taḃarṫa uaim agam in aon lá aṁáin agus gan an rud is túisce ċugam a ṫaḃairt uaim.”

“Caiṫ uait do ċuid ráiméise,” arsaiġ an luċ, “ní ḟuil tú aċt ag steallaḋ ṁagaḋ fúm; tá tú ag taḃairt tarcuisne ḋom,” ar sí sin, ag imṫeaċt léi.

“Ó, Dia linn a’s Muire,” arsaiġ Eiḃlís, “i ḃfad uainn an t-olc agus an t-aṁgar, ní har an intinn sin ḃí mé, aċt tá a ḟios agat gur fuiris olc a ċur ort.”

Níor ḋein an luċ aċt ualfairt a ċur aiste.

“Cas ṫar n-ais, má’s é do ṫoil é, agus cuir deireaḋ led’ sceul,” arsaiġ Eiḃlís.

Ġlaoḋadar go léir d’aon ġuṫ uirre — aċt níor ḋein sí aċt croṫaḋ a ḃaint as a ceann go neaṁ-ḟoiḋneaċ agus cur dí níos mire.

“Naċ é an feall ná fanfaḋ sí,” arsaiġ an fiolar, ag cur osnaḋ as nuair d’imṫiġ sí as a raḋarc. “Is eaḋ, anois, a inġean óiġ!” arsaiġ sean-ṗortán le hinġin dí a ḃí taoiḃ léi, “sin ceaċt agat gan leigint don ḃfeirg