Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/48

This page has not been proofread.
40
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Cá ḃfuil an dréimire eile? — Dar ndóiġ, ní raiḃ aċt ceann agam-sa le taḃairt liom; tá an ceann eile ag Taḋg. — A Ṫaiḋg! beir ċugam annso í, a ḋearḃráṫair! ’Seaḋ, leag suas annso i gcoinne an ċúinne seo iad — Ná déin. - Ceangail in a ċéile an ċeud uair iad. — Ní ṡroiċeann siad suas leaṫ na sliġe in aon ċor fós. — Ḋeire! deunfa siad an gnó go maiṫ mar atá siad. — Naċ cuma ḋuit ’sa tiubaist. - Seo, a Ṫaiḋg, beir ar an teud so; teann an ṗíc, a Ṁaiḋe! — Ní ḟeadar an dtaḃarfaiḋ ceann an tiġe orainn. — Feuċ amaċ don tslinn sin, tá sí bog; ó, an diaḃal mé, go ḃfuil sí ag tuitim! — Feuċ amaċ d’ḃúr gcloigeann annsin ṫíos” (do-riġneaḋ smidiríní dí ar an talaṁ). - “Feuċ anois! Cé ḋéin é sin? Cé ḋeunfaḋ é aċt Taḋg. — Cé raġaiḋ síos sa simné? Ní raġad-sa pé sceul é! Teiġre féin ann! Ar ṁalainn féin ná raġad, dob’ ḟearr liom breall ort! Taḋg atá le dul síos. — Seo, a Ṫaiḋg, deir an máiġistir go gcaiṫfe tusa dul síos ’sa simné!”

“Agus caiṫfiḋ Taḋg dul síos ’sa simné,” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Tá an riaḃaċ ’s a ṁáṫair ’sa ṁullaiġ ar Ṫaḋg! Ní ḃeinn in áit Ṫaiḋg ar ór na Muṁan! Tá an teinteán so roinnt cuṁang, aċt mar sin féin is dóiġ liom go n-éireoċ’ liom speaċ a ċaiṫeaṁ!”

Ṫarraing sí ċúiċe a cos, anuas as an simné, ċoṁ fada agus do ḟeud sí, agus do ċoimeád sí mar sin í gur airiġ sí ainṁiḋe beag éigin (ní ḃfuiġfeaḋ sí a ḋeunaṁ amaċ cadé an sórt é) ag scríobaḋ agus ag lapadáil ar fuaid an tsimné rud beag suas uaiṫe. “Seo ċugainn Taḋg do réir deallraṁ,” arsaiġ Eiḃlís léi