Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/50

This page has not been proofread.
42
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

caint arís. “Deunfaiḋ lán-barra an gnó den ċeud iarraċt,” arsaiġ an Coinín.

“Lán-barra de cadé?” arsaiġ Eiḃlís léi féin. Aċt is gairid a ḃí sí gan a ḟios aici, mar díreaċ fé raiḃ an focal as a beul aici ṫáinig mar a ḃeaḋ cioṫ gairḃéil ag clagarnaiġ isteaċ ’sa ḃfuinneoig, agus ḃuail cuid aca isteaċ san aġaiḋ uirre. “Cuirfead-sa deireaḋ leis an obair seo,” arsaiġ sí léi féin. Do laḃair sí annsin ċoṁ árd is ab’ ḟéidir léi: “Caiṫiḋ uaiḃ,” arsaiġ sí sin, agus geallaim duit gur ċuadar i gciúineas arís.

Ḃí áṫas agus iongantas ar Eiḃlís nuair ṫug sí fé ndeara go raiḃ cácaí beaga dá ndeunaṁ den ġairḃeul do réir mar ḃíodar ag tuitim ar an úrlár. Ċuiṁniġ sí ar an nómant go mbéidir dá n-íosfaḋ sí iad go raġaḋ sí i luiġead arís. “Ní ḟuil aon ḟaġáil agam,” ar sí sin, “dul i meud a ṫuille, agus má tá sé de ḃuaiḋ aca aon aṫruġaḋ a ḋeunaṁ orm is i luiġead a raġa mé gan aon agó.”

D’iṫ sí ceann aca agus d’éiriġ a croiḋe nuair a ċonnaic sí gur ṫosnuiġ sí ag dul i luiġead ar an nómant dearg. Ċoṁ luaṫ a’s do ḃí sí beag go leor ċum í féin a ṫarraing amaċ tríd an dorus rioṫ sí ar éigin amaċ as an tiġ, agus cad a ḃeaḋ aċt scata mór ainṁiḋiġ ḃeaga agus eunlaṫa in gaċ aon áit ṫimċeall leaṫ is amuiġ. Ḃí an t-arcluaċra beag (ba ṡin é Taḋg) in a ṡeasaṁ istiġ in a lár agus ḋá ḃainiṁín muice dá ċoimeád in a ṡeasaṁ istiġ eatorra agus iad ag taḃairt braoinín beag as ḃuideul dó anois agus arís. Rioṫadar go léir ċum Eiḃlís ċoṁ luaṫ agus ċonnacadar í, aċt ṫeiċ sí uaṫa ċoṁ mear agus